+Airteagal 61 An tarmligean a fheidhmiú
---+Airteagal 61 1.
---+Airteagal 61 2.
---+Airteagal 61 3.
---+Airteagal 61 4.
---+Airteagal 61 5.
---+Airteagal 61 6.

Airteagal 61 An tarmligean a fheidhmiú

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 61 1.
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
Airteagal 61 2.
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(5), an dara fomhír, Airteagal 7(3), Airteagal 8(1) agus (2), Airteagal 13(8), an ceathrú fomhír, Airteagal 14(9), Airteagal 25, Airteagal 27(9), Airteagal 28(5) agus Airteagal 31(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 10 Nollaig 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil i leith tharmligean na cumhachta a tharraingt suas. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Airteagal 61 3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(5), an dara fomhír, Airteagal 7(3), Airteagal 8(1) agus (2), Airteagal 13(8), an ceathrú fomhír, Airteagal 14(9), Airteagal 25, Airteagal 27(9), Airteagal 28(5) agus Airteagal 31(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Airteagal 61 4.
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
Airteagal 61 5.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
Airteagal 61 6.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(5), an dara fomhír, Airteagal 7(3), Airteagal 8(1) nó (2), Airteagal 13(8), an ceathrú fomhír, Airteagal 14(9), Airteagal 25, Airteagal 27(9), Airteagal 28(5) nó Airteagal 31(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas