+Airteagal 63 Rúndacht
---+Airteagal 63 1.
---+Airteagal 63 2.
---+Airteagal 63 3.
---+Airteagal 63 4.
|
Airteagal 63 Rúndacht
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 63 1.
|
Gach páirtí a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, urramóidh siad rúndacht na faisnéise agus na sonraí a gheofar agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu sa chaoi is go gcosnófar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
);
(b)
cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críoch cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;
(c)
leasanna an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;
(d)
sláine na n-imeachtaí coiriúla nó riaracháin.
|
|
Airteagal 63 2.
|
Gan dochar do mhír 1, faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis um fhaireachas margaidh féin agus idir na húdaráis um fhaireachas margaidh agus an Coimisiún, ní nochtfar í gan réamhthoiliú ón údarás um fhaireachas margaidh tionscnaimh.
|
|
Airteagal 63 3.
|
Ní dhéanfaidh míreanna 1 agus 2 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann, faisnéis a sholáthar faoi dhlí coiriúil na mBallstát.
|
|
Airteagal 63 4.
|
I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis íogair a mhalartú le húdaráis ábhartha tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leormhaith cosanta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|