|
+IARSCRÍBHINN VII ÁBHAR NA DOICIMÉADACHTA TEICNIÚLA |
IARSCRÍBHINN VII ÁBHAR NA DOICIMÉADACHTA TEICNIÚLA
IARSCRÍBHINN VII ÁBHAR NA DOICIMÉADACHTA TEICNIÚLA Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 31, de réir mar is infheidhme maidir leis an táirge ábhartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha:
1.
tuairisc ghinearálta ar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena gcuimsítear an méid seo a leanas:
(a)
an chríoch a beartaíodh dó;
(b)
leaganacha de bhogearraí a dhéanann difear don chomhlíontacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha;
(c)
i gcás inar táirge crua-earraí é an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, grianghraif nó léaráidí a léiríonn na gnéithe seachtracha, an mharcáil agus an leagan amach inmheánach;
(d)
faisnéis agus treoracha le haghaidh an úsáideora mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
2.
tuairisc ar dhearadh, ar fhorbairt agus ar tháirgeadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar phróisis láimhseála leochaileachtaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a)
faisnéis riachtanach faoi dhearadh agus faoi fhorbairt an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, líníochtaí agus scéimeanna agus/nó tuairisc ar ollstruchtúr an chórais lena mínítear an chaoi a gcuireann na comhpháirteanna bogearraí le chéile nó an tionchar a bhíonn acu ar a chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán;
(b)
faisnéis riachtanach agus sonraíochtaí maidir leis na próisis láimhseála leochaileachtaí arna gcur i bhfeidhm ag an monaróir, lena n-áirítear an liosta ábhar bogearraí, an beartas um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí, fianaise ar sheoladh teagmhála a sholáthar chun leochaileachtaí a thuairisciú agus tuairisc ar na réitigh theicniúla a roghnaítear chun nuashonruithe a dháileadh go slán;
(c)
faisnéis riachtanach agus sonraíochtaí maidir le próisis táirgthe agus faireacháin le haghaidh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus maidir le bailíochtú na bpróiseas sin.
3.
measúnú ar na rioscaí cibearshlándála ar ina n-aghaidh a dhéantar an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt, a tháirgeadh, a chur ar fáil agus a choinneáil ar bun de bhun Airteagal 13, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn 1 infheidhme;
4.
faisnéis ábhartha a cuireadh san áireamh chun an tréimhse thacaíochta de bhun Airteagal 13(8) den táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chinneadh;
5.
liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a cuireadh i bhfeidhm ina n-iomláine nó i bpáirt agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sonraíochtaí coiteanna mar a leagtar amach in Airteagal 27 den Rialachán seo nó scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 de bhun Airteagal 27(8) den Rialachán seo, agus, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe, na sonraíochtaí coiteanna ná na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin, tuairiscí ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach i gCodanna I agus II d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a cuireadh i bhfeidhm. I gcás caighdeáin chomhchuibhithe, sonraíochtaí coiteanna nó scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bheith i bhfeidhm i bpáirt, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna a cuireadh i bhfeidhm;
6.
tuairiscí ar na tástálacha a rinneadh chun a fhíorú go gcomhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus na próisis láimhseála leochaileachtaí na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha is infheidhme mar leagtar amach i gCodanna I agus II d’Iarscríbhinn I;
7.
cóip de dhearbhú comhréireachta AE;
8.
i gcás inarb infheidhme, an liosta ábhar bogearraí, i ndiaidh iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh ar choinníoll go bhfuil gá leis chun go mbeidh an t-údarás sin in ann comhlíontacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sheiceáil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
Saincheisteanna nasctha
|