+Airteagal 78 Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
---+Airteagal 78 1
---+Airteagal 78 2
---+Airteagal 78 3
---+Airteagal 78 4
---+Airteagal 78 5

Airteagal 78 Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 78 1

1.   Beidh an chumhacht a thugtar don Choimisiún cinntí a fhorfheidhmiú de bhun Airteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.

Airteagal 78 2

2.   Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a bheidh an cinneadh críochnaitheach.

Airteagal 78 3

3.   Cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú sna cásanna seo a leanas:

(a)

trí fhógra maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear d’iarratas ar athrú;

(b)

trí aon ghníomhaíocht a dhéanann an Coimisiún, nó Ballstát ag gníomhú de réir iarraidh an Choimisiúin, atá ceaptha íoc na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

Airteagal 78 4

4.   Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh.

Airteagal 78 5

5.   Beidh an tréimhse teorann chun pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:

(a)

a cheadaítear am chun an íocaíocht a dhéanamh;

(b)

atá forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó de bhun cinneadh ó chúirt náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas