+Airteagal 28 Smachtbhannaí agus bearta riaracháin
---+Airteagal 28 1
---+Airteagal 28 2
---+Airteagal 28 3
---+Airteagal 28 4
---+Airteagal 28 5
---+Airteagal 28 6
---+Airteagal 28 7
|
Airteagal 28 Smachtbhannaí agus bearta riaracháin
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1
|
1. Gan dochar don cheart chun foráil a dhéanamh do smachtbhannaí coiriúla agus chun iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin is infheidhme i leith aon sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na smachtbhannaí agus na bearta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus beidh siad ar aon dul leis na smachtbhannaí a leagtar síos i gcomhréir le Caibidil VI, Roinn 4, de Threoir (AE) 2015/849.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin mar gheall ar shárú ar fhorálacha an Rialacháin seo ar forálacha iad atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla ina ndlí náisiúnta. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit na forálacha ábhartha sin den dlí coiriúil in iúl don Choimisiún.
|
|
Airteagal 28 2
|
2. I gcás ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, áiritheoidh na Ballstáit i gcás sáraithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, go bhféadfar smachtbhannaí nó bearta a chur i bhfeidhm, faoi réir an dlí náisiúnta, ar chomhaltaí chomhlacht bainistithe an tsoláthraí seirbhísí ábhartha agus ar aon duine nádúrtha eile atá, faoin dlí náisiúnta, freagrach as an sárú.
|
|
Airteagal 28 3
|
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don choiste inmheánach buan um chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagal 9a(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan moill mhíchuí don Choimisiún agus don choiste inmheánach buan sin faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.
|
|
Airteagal 28 4
|
4. I gcomhréir le hAirteagal 58(4) de Threoir (AE) 2015/849, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile is gá chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú ag na húdaráis inniúla. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur, rachaidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar na smachtbhannaí riaracháin sin nó ar na bearta riaracháin sin agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.
|
|
Airteagal 28 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 29 ar bhain siad tairbhe astu, agus a rinne duine ar bith, ag gníomhú dó go leithleach nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh sin, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe ar aon cheann díobh seo a leanas:
|
(a)
|
an chumhacht ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach;
|
|
(b)
|
údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;
|
|
(c)
|
údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.
|
|
|
Airteagal 28 6
|
6. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inarbh fhéidir le duine faoi údarás an duine dhlítheanaigh ceann de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 29 a dhéanamh chun leasa an duine dhlítheanaigh sin, mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 28 7
|
7. Feidhmeoidh údaráis inniúla a gcuid cumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:
|
(a)
|
trí fheidhm dhíreach;
|
|
(b)
|
i gcomhar le húdaráis eile;
|
|
(c)
|
trína bhfreagracht a tharmligean d’údaráis eile den sórt sin;
|
|
(d)
|
trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
|
Maidir le feidhmiú a gcumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur, rachaidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar na smachtbhannaí riaracháin sin nó ar na bearta riaracháin sin agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|