+Airteagal 35 Comhaontuithe le tíortha agus le críocha nach cuid de chríoch an Aontais iad
---+Airteagal 35 1
---+Airteagal 35 2
---+Airteagal 35 3
---+Airteagal 35 4
---+Airteagal 35 5
---+Airteagal 35 6
|
Airteagal 35 Comhaontuithe le tíortha agus le críocha nach cuid de chríoch an Aontais iad
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35 1
|
1. Féadfaidh an Coimisiún údarás a thabhairt d’aon Bhallstát comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír nó le críoch atá lasmuigh de raon feidhme críochach an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) dá dtagraítear in Airteagal 355 CFAE (“an tír nó an chríoch lena mbaineann”), ar comhaontú é ina bhfuil maoluithe ón Rialachán seo, ionas gur féidir déileáil le haistrithe cistí idir an tír nó an chríoch sin agus an Ballstát lena mbaineann amhail is gur aistrithe cistí iad laistigh den Bhallstát sin.
Ní fhéadfar comhaontuithe den sórt sin a údarú ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo ar fad a leanas:
|
(a)
|
go bhfuil an tír nó an chríoch lena mbaineann in aontas airgeadaíochta leis an mBallstát lena mbaineann, go bhfuil sí mar chuid de limistéar airgeadra an Bhallstáit sin nó go bhfuil coinbhinsiún airgeadaíochta sínithe aici leis an Aontas a ndéanann Ballstát ionadaíocht dó;
|
|
(b)
|
go bhfuil na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sa tír nó sa chríoch lena mbaineann rannpháirteach go díreach nó go hindíreach i gcórais íocaíochta agus socraíochta sa Bhallstát sin;
|
|
(c)
|
go gceanglaíonn an tír nó an chríoch lena mbaineann ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta atá faoina dlínse na rialacha céanna leis na rialacha a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm.
|
|
|
Airteagal 35 2
|
2. Ballstát ar mian leis comhaontú dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcrích, seolfaidh sé iarraidh chuig an gCoimisiún agus cuirfidh sé an fhaisnéis ar fad is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh ar fáil dó.
|
|
Airteagal 35 3
|
3. Ar iarraidh den sórt sin a fháil don Choimisiún, déileálfar go sealadach le haistrithe cistí idir an Ballstát sin agus an tír nó an chríoch lena mbaineann amhail is gur aistrithe cistí iad laistigh den Bhallstát sin, go dtí go dtiocfar ar chinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
|
Airteagal 35 4
|
4. Más rud é, laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil, go measann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh aige, rachaidh sé i dteagmháil leis an mBallstát lena mbaineann agus sonróidh sé an fhaisnéis bhreise a cheanglaítear.
|
|
Airteagal 35 5
|
5. Laistigh de mhí amháin tar éis don Choimisiún an fhaisnéis ar fad a fháil a mheasann sé is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát iarrthach dá réir sin agus tarchuirfidh sé cóipeanna den iarraidh chuig na Ballstáit eile.
|
|
Airteagal 35 6
|
6. Laistigh de 3 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a thabhairt, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 34(2) an údaróidh sé don Bhallstát lena mbaineann an comhaontú is ábhar don iarraidh a thabhairt i gcrích.
Déanfaidh an Coimisiún, in aon chás, cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh laistigh de 18 mí ón iarraidh a fháil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|