|
+Airteagal 1 Sainmhínithe |
Airteagal 1 SainmhínitheAirteagal 1 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach’ soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí nó soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa a shínigh socrú conarthach leo seo a leanas:
(a)
eintiteas airgeadais chun a sheirbhísí TFC a sholáthar go díreach don eintiteas airgeadais sin;
(b)
eintiteas airgeadais nó neamhairgeadais chun a sheirbhísí a sholáthar d’eintitis airgeadais eile laistigh den ghrúpa céanna;
2.
ciallaíonn ‘slabhra soláthair seirbhísí TFC’ seicheamh socruithe conarthacha a bhaineann leis an tseirbhís TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach don eintiteas airgeadais, ag tosú leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach a bhfuil soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí amháin eile nó níos mó aige mar chontrapháirtithe (fochonraitheoirí);
3.
ciallaíonn ‘rangú’ an seasamh atá ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí sa slabhra soláthair seirbhísí TFC. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
Saincheisteanna nasctha
|