+Airteagal 3 Ceanglais ghinearálta maidir le teimpléid an chláir faisnéise
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
|
Airteagal 3 Ceanglais ghinearálta maidir le teimpléid an chláir faisnéise
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Úsáidfidh eintitis airgeadais na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I go IV chun an clár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2022/2554, ar an leibhéal eintitis, nó ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Áiritheoidh eintitis airgeadais go n-áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)
an fhaisnéis ábhartha i ndáil leis na seirbhísí TFC uile a sholáthraíonn soláthraithe TFC tríú páirtí díreacha;
(b)
faisnéis faoi na fochonraitheoirí uile atá mar bhonn taca éifeachtach le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Áiritheoidh eintitis airgeadais go mbeidh an fhaisnéis atá sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 cruinn agus comhsheasmhach. Déanfaidh eintitis airgeadais athbhreithniú rialta ar an bhfaisnéis atá sna teimpléid agus ceartóidh siad go pras aon earráid nó neamhréireacht a aimsítear. I gcás grúpaí, áiritheoidh eintitis airgeadais atá freagrach as an gclár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite go bhfuil an fhaisnéis maidir le leibhéal an eintitis sa chomhdhlúthú ceart agus comhsheasmhach leis an bhfaisnéis ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Áiritheoidh eintitis airgeadais go gcloífidh an fhaisnéis atá sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 leis na prionsabail seo a leanas maidir le cáilíocht sonraí:
|
|
Airteagal 3 5.
|
Bainfidh eintitis airgeadais úsáid as aitheantóir eintitis dhlítheanaigh bailí agus gníomhach (LEI) nó as an Aitheantóir Uathúil Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132 (‘EUID’), agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, an dá aitheantóir sin, chun a soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí uile ar daoine dlítheanacha iad a shainaithint, cé is moite de dhaoine aonair atá ag gníomhú i gcáil gnó.
|
|
Airteagal 3 6.
|
I gcás ina mbeidh seirbhís TFC arna soláthar ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach ag tacú le feidhm chriticiúil nó thábhachtach de chuid na n-eintiteas airgeadais, áiritheoidh eintitis airgeadais, tríd an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach, go n-úsáidfidh fochonraitheoirí uile an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí dhírigh a áirítear sa chlár faisnéise i gcomhréir le mír 2, pointe (b), agus atá ina mbonn taca le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, LEI bailí agus gníomhach nó go soláthróidh siad a EUID, agus i gcás ina mbeidh fáil orthu, an dá aitheantóir sin, ach amháin más daoine aonair iad na fochonraitheoirí sin atá ag gníomhú i gcáil gnó.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
Saincheisteanna nasctha
|