+Airteagal 6 Prionsabail ghinearálta
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 1a.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.

Airteagal 6 Prionsabail ghinearálta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Déanfaidh institiúidí na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Seacht, a Seacht A agus a hOcht den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh ar bhonn aonair, cé is moite de phointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo.
Airteagal 6 1a.
De mhaolú ar mhír 1 den Rialachán seo, is institiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh, ar eintitis G-SII iad freisin, agus nach bhfuil fochuideachtaí acu, agus na hinstitiúidí sin amháin a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92a ar bhonn aonair.

Comhlíonfaidh fochuideachtaí ábhartha de G-SII neamh-AE Airteagal 92b ar bhonn aonair i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

ní eintitis réitigh iad;

(b) 

níl fochuideachtaí acu;

(c) 

ní fochuideachtaí iad de mháthairinstitiúid AE.

Airteagal 6 2.
Maidir le haon institiúid ar fochuideachta í sa Bhallstát ina bhfuil sí údaraithe agus maoirsithe nó ar máthairghnóthas í, agus maidir le haon institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 89, Airteagal 90 agus Airteagal 91 a chomhlíonadh ar bhonn aonair.
Airteagal 6 3.
Maidir le haon institiúid ar máthairghnóthas í nó ar fochuideachta í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo Airteagal 437a agus pointe (h) d'Airteagal 447 ar bhonn aonair.

Airteagal 6 4.

Comhlíonfaidh institiúidí na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé agus i bpointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn aonair.

Ní bheidh sé de cheangal ar na hinstitiúidí seo a leanas cloí le hAirteagal 413(1) agus na ceanglais tuairiscithe leachtachta bhainteacha a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo:

(a) 

institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(b) 

institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 16 agus pointe (a) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 ), ar choinníoll nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha; agus

(c) 

institiúidí a ainmnítear i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll:

(i) 

go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí teoranta chuig seirbhísí de chineál baincéireachta, amhail dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, a thairiscint do sheirbhísí do thaisclanna lárnacha urrús a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin,; agus

(ii) 

nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha.

Airteagal 6 5.
Institiúidí a bhfuil an maolú a shonraítear in Airteagal 7(1) nó (3) den Rialachán seo feidhmithe ag údaráis inniúla ina leith, agus institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní bheidh de cheangal orthu na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Seacht agus na ceanglais tuairiscithe cóimheasa luamhánaithe bhainteacha a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas