+Airteagal 13 Cur i bhfeidhm ceanglais maidir le nochtadh ar bhonn comhdhlúite
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
|
Airteagal 13 Cur i bhfeidhm ceanglais maidir le nochtadh ar bhonn comhdhlúite
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE Cuid a hOcht ar bhonn a gcáis chomhdhlúite. Nochtfaidh fochuideachtaí móra mháthairinstitiúidí AE an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 449a, 449b, 450, 451, 451a agus 453 ar bhonn aonair nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ar bhonn fo-chomhdhlúite.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Déanfaidh institiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh ar eintitis G-SII iad Airteagal 437a agus pointe (h) d'Airteagal 447 a chomhlíonadh ar bhonn cás comhdhlúite a ngrúpa réitigh.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 maidir le máthairinstitiúidí AE, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha AE, nó eintitis réitigh má áirítear iad laistigh de nochtaí coibhéiseacha ar bhonn comhdhlúite ag máthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír. Beidh feidhm ag an dara fomhír de mhír 1 maidir le fochuideachtaí máthairghnóthas atá suite i dtríú tír ina bhfuil na fochuideachtaí sin cáilithe mar fhochuideachtaí móra.
|
|
Airteagal 13 4.
|
I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin rialacha Chuid a hOcht ar bhonn chás comhdhlúite an chomhlachta lárnaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) maidir leis an gcomhlacht lárnach agus láimhseálfar na hinstitiúidí cleamhnaithe mar fhochuideachtaí de chuid an chomhlachta lárnaigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|