+Airteagal 18 Modhanna comhdhlúthaithe stuamachta
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
---+Airteagal 18 7.
---+Airteagal 18 8.
---+Airteagal 18 9.
---+Airteagal 18 10.

Airteagal 18 Modhanna comhdhlúthaithe stuamachta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Na hinstitiúidí, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha nach mór dóibh na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 1 a chomhlíonadh, ar bhonn a gcáis chomhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú iomlán ar gach institiúid agus institiúid airgeadais atá ina bhfochuideachtaí aige, nó, nuair is ábhartha, ina bhfochuideachtaí ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha. Ní bheidh feidhm ag míreanna 3 go 6 agus mír 9 den Airteagal seo i gcás ina mbeidh feidhm ag Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) ar bhonn cás comhdhlúite institiúide, cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, nó ar bhonn cás fo-chomhdhlúite foghrúpa leachtachta mar a leagtar amach in Airteagail 8 agus 10.

Chun críocha Airteagal 11(3a), na hinstitiúidí nach mór dóibh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a nó 92b a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú ar na hinstitiúidí agus na hinstitiúidí airgeadais uile arb iad a bhfochuideachtaí iad sna grúpaí réitigh ábhartha.

Airteagal 18 3.
I gcás ina bhfuil baint ag gnóthais lena chéile de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/CE, socróidh na húdaráis inniúla conas a dhéanfar comhdhlúthú.
Airteagal 18 4.
Déanfar rannpháirtíochtaí in institiúidí agus in institiúidí airgeadais arna mbainistiú ag gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó nach n-áirítear sa chomhdhlúthú a chomhdhlúthú go comhréireach de réir na scaire caipitil arna sealbhú, i gcás ina bhfuil dliteanas na ngnóthas sin teoranta don scair den chaipiteal atá ina seilbh.
Airteagal 18 5.
I gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla seachas iad sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4, cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é. Go háirithe, féadfaidh siad úsáid an mhodha cothromais a cheadú nó a cheangal. Mar sin féin, ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
Airteagal 18 6.

Cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil, i dtuairim na n-údarás inniúil, tionchar suntasach ag institiúid ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin; agus

(b) 

i gcás ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó curtha faoi bhainistíocht aonair ach amháin más de bhun conartha, ar bhonn clásail atá ina meabhráin nó ar bhonn a n-airteagal comhlachais a dhéantar an méid sin.

Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid an mhodha a ndéantar foráil dó in Airteagal 22(7), (8) agus (9) de Threoir 2013/34/AE a cheadú nó a éileamh.

Airteagal 18 7.
►M17  I gcás ina bhfuil fochuideachta ag institiúid ar gnóthas seachas institiúid nó institiúid airgeadais í nó i gcás ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i ngnóthas mar sin, cuirfidh sí modh an chothromais i bhfeidhm ar an bhfochuideachta sin nó ar an rannpháirtíocht sin. Mar sin féin, ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite. ◄

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla a cheadú d'institiúidí nó a éileamh orthu modh éagsúil a chur i bhfeidhm ar fhochuideachtaí nó rannpháirtíochtaí den chineál sin, lena n-áirítear an modh a cheanglaítear faoin gcreat cuntasaíochta infheidhme, ar choinníoll go ndéanfar an méid a leanas:

(a) 

nach bhfuil an modh cothromais á chur i bhfeidhm cheana ar an 28 Nollaig 2020;

(b) 

gur róthrom an t-ualach an modh cothromais a chur i bhfeidhm nó nach léirítear go leordhóthanach leis an modh cothromais na ►C12  riosca ◄ don institiúid ón ngnóthas dá dtagraítear sa chéad fhomhír; agus

(c) 

nach mbíonn comhdhlúthú iomlán nó cionmhar ar an ngnóthas sin mar thoradh ar an modh a chuirtear i bhfeidhm.

Airteagal 18 8.

►M17  Féadfaidh údaráis inniúla comhdhlúthú iomlán nó cionmhar a cheangal ar fhochuideachta nó ar ghnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i gcás nach institiúid ná institiúid airgeadais an fhochuideachta nó an gnóthas sin agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas: ◄

(a) 

ní gnóthas árachais, gnóthas árachais tríú tír, gnóthas athárachais, gnóthas athárachais tríú tír, cuideachta shealbhaíochta árachais nó gnóthas atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin é an gnóthas;

(b) 

tá baol suntasach ann go gcinnfidh an institiúid tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don ghnóthas sin agus é i gcruachás, in éagmais aon oibleagáidí conarthacha nó sa bhreis ar aon oibleagáidí conarthacha maidir le tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil.

Airteagal 18 9.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a gcuirfear an comhdhlúthú i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 3 go 6 agus mír 8.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2020.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 18 10.
Cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025 maidir le hiomláine agus iomchuibheas shainmhínithe agus fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann le maoirseacht ar gach cineál riosca ar a bhfuil institiúidí neamhchosanta ar leibhéal comhdhlúite. Déanfaidh ÚBE measúnú go háirithe ar aon neamhréireachtaí féideartha a d’fhéadfadh a bheith fós sna sainmhínithe agus sna forálacha sin agus ar a n-idirghníomhú leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, agus ar aon ghné a bheadh fós ann a d’fhéadfadh srianta neamhbheartaithe a chur ar mhaoirseacht chomhdhlúite atá cuimsitheach agus inoiriúnaithe le foinsí nó cineálacha nua riosca nó struchtúr a bhféadfadh arbatráiste rialála a bheith mar thoradh acu. Tabharfaidh ÚBE a thuarascáil cothrom le dáta faoi dhó ar a laghad gach 2 bhliain.

I bhfianaise thorthaí ÚBE, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun coigeartuithe a dhéanamh ar na sainmhínithe ábhartha nó ar raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas