|
+Airteagal 20 4. |
Airteagal 20 4.Mura dtagann na húdaráis inniúla ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh féin maidir le mír 1(a). Ní chuirfidh cinneadh an mhaoirseora comhdhlúthaithe teorainn ar chumhachtaí na n-údarás inniúil faoi Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE. Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n-údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mháthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE agus do na húdaráis inniúla eile. Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil aon cheann de na húdaráis inniúla tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh maidir le mír 1(a) siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a d'fhéadfadh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lenachinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|