+Airteagal 20 Cinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 20 6.
---+Airteagal 20 7.
---+Airteagal 20 8.
|
Airteagal 20 Cinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Oibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile agus iad i lánchomhairle le chéile:
▼M17
(a)
i gcás iarratais ar na ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 143(1), Airteagal 151(9), Airteagal 283 agus Airteagal 325az arna gcur isteach ag máthairinstitiúid AE agus a fochuideachtaí, nó i gcomhpháirt a chéile ag fochuideachtaí máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, chun cinneadh a dhéanamh cé acu a thabharfar nó nach dtabharfar an cead atá á lorg agus chun na téarmaí agus na coinníollacha, más ann dóibh, a chinneadh, ar cheart an cead sin a bheith faoina réir;
▼B
(b)
chun a dhéanamh amach an bhfuil na critéir maidir le láimhseáil shonrach idirghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 422(9) agus in Airteagal 425(5) arna gcomhlánú le caighdeáin teicniúla rialála an ÚBE dá dtagraítear in Airteagal 422(10) agus in Airteagal 425(6) á gcomhlíonadh.
Chuig an maoirseoir comhdhlúthaithe amháin a chuirfear iarratais isteach.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla gach ní ar a gcumas chun teacht ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí maidir leis na nithe seo:
(a)
an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;
(b)
na critéir a mheas agus an láimhseáil shonrach dá dtagraítear i mír 1(b) a dhéanamh amach;
Beidh an cinneadh comhpháirteach seo leagtha amach i ndoiciméad ina mbeidh an cinneadh lán-réasúnaithe, doiciméad a chuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don iarratasóir.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Tosóidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 2:
(a)
an dáta a fhaigheann an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán dá dtagraítear i mír 1(a). Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán ar aghaidh chuid na húdaráis inniúla eile gan mhoill;
(b)
an dáta a fhaigheann na húdaráis inniúla tuarascáil arna hullmhú ag an maoirseoir comhdhlúthaithe ag déanamh anailíse ar thiomantais idirghrúpa laistigh den ghrúpa.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Mura dtagann na húdaráis inniúla ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh féin maidir le mír 1(a). Ní chuirfidh cinneadh an mhaoirseora comhdhlúthaithe teorainn ar chumhachtaí na n-údarás inniúil faoi Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE. Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n-údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mháthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE agus do na húdaráis inniúla eile. Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil aon cheann de na húdaráis inniúla tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh maidir le mír 1(a) siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a d'fhéadfadh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lenachinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.
|
|
Airteagal 20 5.
|
Mura dtagann na húdaráis inniúla ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, déanfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfochuideachta ar bhonn aonair a chinneadh féin maidir le mír 1(b). Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n -údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe a thugann fógra don máthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE. Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil an maoirseoir comhdhlúthaithe tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfochuideachta ar bhonn aonair a chinneadh maidir le mír 1(b) den Airteagal seo siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a fhéadfaidh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir leis an gcinneadh sin, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.
|
|
Airteagal 20 6.
|
Maidir le máthairinstitiúid AE agus a fochuideachtaí, fochuideachtaí máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, i gcás ina mbaineann siad úsáid as Cur Chuige IRB dá dtagraítear in Airteagal 143 ar bhonn aontaithe, ceadóidh na húdaráis inniúla don mháthairchuideachta agus dá fochuideachtaí, arna mbreithniú i dteannta a chéile, na critéir cháilíochta a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, Roinn 6, a chomhlíonadh ar bhealach atá i gcomhréir le struchtúr an ghrúpa agus lena chórais bhainistíochta riosca, lena phróisis agus lena mhodheolaíochtaí.
|
|
Airteagal 20 7.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann na cinntí dá dtagraítear i mír 2, i mír 4 agus i mír 5 a aithint mar chinntí cinntitheacha agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad.
|
|
Airteagal 20 8.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an próiseas a bhaineann leis an gcinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a shonrú, maidir leis na hiarratais ar chead dá dtagraítear in Airteagal 143(1), Airteagal 151(9) agus Airteagail 283 agus 325az d’fhonn cinntí comhpháirteacha a éascú. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|