+Airteagal 36 Asbhaintí as Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.
---+Airteagal 36 4.
---+Airteagal 36 5.

Airteagal 36 Asbhaintí as Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 36 1.

Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

(a) 

caillteanais don bhliain airgeadais reatha;

▼M8

(b) 

sócmhainní doláimhsithe cé is moite de bhogearraí a luacháiltear go stuama agus nach mbíonn tionchar diúltach ag réiteach, ag dócmhainneacht nó ag leachtú na hinstitiúide ar a luach;

▼B

(c) 

sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí;

▼M17

(d) 

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (Cur Chuige IRB), easnamh IRB, i gcás inarb infheidhme, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 159;

▼B

(e) 

sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe ar chlár comhardaithe na hinstitiúide.

(f) 

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá d'oibleagáid iarbhír nó theagmhasach ar institiúid a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana;

(g) 

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais sa chás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach ag an institiúid leis na heintitis sin a measann an t-údarás inniúil gur ceapadh é chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;

(h) 

méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;

(i) 

méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;

▼C3

(j) 

méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 56 a sháraíonn ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide;

▼B

(k) 

méid ►C9  neamhchosanta ◄ na n-ítimí seo a leanas a cháilíonn i gcomhair ►C9  ualach riosca ◄ 1 250 %, i gcás ina n-asbhaineann an institiúid an méid risíochta sin ó mhéid Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar mhalairt ar ►C9  ualach riosca ◄ 1 250 % a chur i bhfeidhm:

(i) 

sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais;

▼M5

(ii) 

suíomhanna urrúsúcháin, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 244(1), le pointe (b) d’Airteagal 245(1) agus le hAirteagal 253;

▼B

(iii) 

seachadtaí in aisce, i gcomhréir le hAirteagal 379(3);

(iv) 

suímh i mbascaed nach bhféadfaidh institiúid an ►C9  t-ualach riosca ◄ a chinneadh ina leith faoi chur chuige IRB, i gcomhréir le hAirteagal 153(8);

▼M17 —————

▼M17

(vi) 

neamhchosaintí i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC dá sanntar ualú riosca 1 250  % i gcomhréir le hAirteagal 132(2), an dara fomhír;

▼B

(l) 

aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach;

▼M7

(m) 

méid infheidhme an chumhdaigh neamhdhóthanaigh le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha;

▼M8

(n) 

i gcás gealltanas íosluacha dá dtagraítear in Airteagal 132c(2), suim ar bith lena dtagann margadhluach reatha i gcás aonad nó scaireanna in GCanna agus a fholuíonn an gealltanas íosluacha, lena dtagann sin gann ar luach reatha an ghealltanais íosluacha agus nach bhfuil laghdú aitheanta cheana féin ag an institiúid ina leith i gcás ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

▼B

Airteagal 36 2.
Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn cur i bhfeidhm na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (e), (f), (h), (i) agus (l) de mhír 1 a shonrú, mar aon leis na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d) agus (f) d'Airteagal 56 agus pointí (a), (c) agus (d) d'Airteagal 66.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 36 3.

Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn sonrú a dhéanamh ar na cineálacha ionstraimí caipitil atá ag institiúidí airgeadais agus, i gcomhairle leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) UAPGE, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh.1094/2010 ( 27 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010., ag gnóthais árachais agus athárachais tríú tíre, agus ag gnóthais arna n-eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE de réir Airteagal 4 den Treoir sin, agus a asbhainfear as na gnéithe seo a leanas de chistí dílse:

(a) 

Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b) 

Ítimí Breise Leibhéal 1;

(c) 

Ítimí Leibhéal 2.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 36 4.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun cur i bhfeidhm na n-asbhaintí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a shonrú, lena n-áirítear ábharthacht na n-éifeachtaí diúltacha ar an luach nach ábhar imní iad ó thaobh stuamachta de.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meitheamh 2020.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 36 5.
Chun an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme i leith neamhchosaintí neamhthuillmheacha a ríomh, agus chun na gcríoch sin amháin, i gcomhréir le mír 1, pointe (m), den Airteagal seo, de mhaolú ar Airteagal 47c agus tar éis fógra a thabhairt don údarás inniúil, is nialas an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme i leith neamhchosaintí neamhthuillmheacha arna gceannach ag athstruchtúróir speisialaithe fiachais. Beidh feidhm ag an maolú a leagtar amach san fhomhír seo ar bhonn aonair agus, i gcás grúpaí ina gcáilíonn na hinstitiúidí go léir mar athstruchtúróirí speisialaithe fiachais, ar bhonn comhdhlúite.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn “athstruchtúróir speisialaithe fiachais” institiúid a chomhlíon, le linn na bliana airgeadais roimhe sin, na coinníollacha seo a leanas go léir ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon:

(a) 

is é príomhghníomhaíocht na hinstitiúide neamhchosaintí neamhthuillmheacha a cheannach, a bhainistiú agus a athstruchtúrú i gcomhréir le próiseas cinnteoireachta inmheánach atá soiléir agus éifeachtach arna chur chun feidhme ag a comhlacht bainistíochta;

(b) 

ní mó ná 15 % dá sócmhainní iomlána an luach cuntasaíochta a thomhaistear gan aon choigeartuithe i leith riosca creidmheasa ar a hiasachtaí tionscnaimh dílse a chur san áireamh;

(c) 

is ionann ar a laghad 5 % den luach cuntasaíochta a thomhaistear gan aon choigeartuithe i leith riosca creidmheasa dá hiasachtaí tionscnaimh dílse a chur san áireamh agus athmhaoiniú iomlán nó páirteach, nó coigeartú ar théarmaí ábhartha na neamhchosaintí neamhthuillmheacha arna gceannach a cháilíonn mar bheart staonta i gcomhréir le hAirteagal 47b;

(d) 

ní mó ná EUR 20 billiún luach iomlán shócmhainní na hinstitiúide;

(e) 

coimeádann an institiúid, ar bhonn leanúnach, cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí 130 % ar a laghad;

(f) 

ní mó ná 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide taiscí ar amharc na hinstitiúide.

Tabharfaidh an t-athstruchtúróir speisialaithe fiachais fógra don údarás inniúil, gan mhoill, más rud é nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír á gcomhlíonadh a thuilleadh. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE, ar bhonn bliantúil ar a laghad, faoi chur i bhfeidhm na míre seo ag institiúidí a thagann faoina maoirseacht.

Déanfaidh ÚBE liosta d’athstruchtúróirí speisialaithe fiachais a bhunú, a choimeád agus a fhoilsiú. Déanfaidh ÚBE faireachán ar ghníomhaíocht athstruchtúróirí speisialaithe fiachais agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2028 maidir le torthaí an fhaireacháin sin agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún faoi cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha chun cáiliú mar “athstruchtúróir speisialaithe fiachais” sách rioscabhunaithe agus iomchuí i bhfianaise buntáiste a thabhairt don mhargadh tánaisteach i gcás iasachtaí neamhthuillmheacha, agus measúnú a dhéanamh chun féachaint an bhfuil gá le coinníollacha breise.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas