|
+Airteagal 36 1. |
Airteagal 36 1.Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
(a)
caillteanais don bhliain airgeadais reatha;
(b)
sócmhainní doláimhsithe cé is moite de bhogearraí a luacháiltear go stuama agus nach mbíonn tionchar diúltach ag réiteach, ag dócmhainneacht nó ag leachtú na hinstitiúide ar a luach;
(c)
sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí;
(d)
i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (Cur Chuige IRB), easnamh IRB, i gcás inarb infheidhme, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 159;
(e)
sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe ar chlár comhardaithe na hinstitiúide.
(f)
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá d'oibleagáid iarbhír nó theagmhasach ar institiúid a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana;
(g)
sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais sa chás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach ag an institiúid leis na heintitis sin a measann an t-údarás inniúil gur ceapadh é chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;
(h)
méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
(i)
méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
(j)
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 56 a sháraíonn ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide;
(k)
méid ►C9 neamhchosanta ◄ na n-ítimí seo a leanas a cháilíonn i gcomhair ►C9 ualach riosca ◄ 1 250 %, i gcás ina n-asbhaineann an institiúid an méid risíochta sin ó mhéid Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar mhalairt ar ►C9 ualach riosca ◄ 1 250 % a chur i bhfeidhm:
(i)
sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais;
(ii)
suíomhanna urrúsúcháin, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 244(1), le pointe (b) d’Airteagal 245(1) agus le hAirteagal 253;
(iii)
seachadtaí in aisce, i gcomhréir le hAirteagal 379(3);
(iv)
suímh i mbascaed nach bhféadfaidh institiúid an ►C9 t-ualach riosca ◄ a chinneadh ina leith faoi chur chuige IRB, i gcomhréir le hAirteagal 153(8); ▼M17 —————
(vi)
neamhchosaintí i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC dá sanntar ualú riosca 1 250 % i gcomhréir le hAirteagal 132(2), an dara fomhír;
(l)
aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach;
(m)
méid infheidhme an chumhdaigh neamhdhóthanaigh le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha;
(n)
i gcás gealltanas íosluacha dá dtagraítear in Airteagal 132c(2), suim ar bith lena dtagann margadhluach reatha i gcás aonad nó scaireanna in GCanna agus a fholuíonn an gealltanas íosluacha, lena dtagann sin gann ar luach reatha an ghealltanais íosluacha agus nach bhfuil laghdú aitheanta cheana féin ag an institiúid ina leith i gcás ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|