|
+Airteagal 43 Infheistíocht shuntasach in eintiteas earnála airgeadais |
Airteagal 43 Infheistíocht shuntasach in eintiteas earnála airgeadaisAirteagal 43 Infheistíocht shuntasach in eintiteas earnála airgeadais Chun críocha asbhaint a dhéanamh, tiocfaidh infheistíocht shuntasach institiúide in eintiteas earnála airgeadais chun cinn sa chás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas
(a)
tá os cionn 10 % de na hionstraimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;
(b)
tá dlúthnaisc ag an institiúid leis an eintiteas sin agus tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;
(c)
tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide agus ní áirítear an t-eintiteas sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, ach áirítear é sa chomhdhlúthú cuntasaíochta céanna leis an institiúid ar mhaithe le tuairisciú airgeadais faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|