+Airteagal 94 3.

Airteagal 94 3.

Déanfaidh institiúidí méid an ghnó leabhair trádála atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí chun críocha mhír 1 i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(a) 

beidh na suíomhanna uile a shannfar don leabhar trádála i gcomhréir le hAirteagal 104 ar áireamh sa ríomh seachas sna cásanna seo a leanas:

(i) 

suíomhanna a bhaineann le malairt eachtrach agus tráchtearraí;

(ii) 

suíomhanna i ndíorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar ►C12  neamhchosaint ◄ leabhair neamhthrádála ar ►C12  riosca ◄ creidmheasa nó ►C12  neamhchosaint ◄ ar phriacal contrapháirtí agus na hidirbhearta díorthaigh chreidmheasa a fhritháiríonn go hiomlán ►C12  riosca ◄ margaidh na bhfáluithe inmheánacha sin dá dtagraítear in Airteagal 106(3);

(b) 

déanfar gach suíomh a áireofar sa ríomh i gcomhréir le pointe (a) a luacháil ag a margadhluach ar an dáta áirithe sin, i gcás nach mbeidh margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin; i gcás nach mbeidh margadhluach ná an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;

▼M17

(c) 

déanfar luach absalóideach an tsuímh fhada chomhiomlánaithe a shuimiú le luach absalóideach an tsuímh ghearr chomhiomlánaithe.

Chun críocha na chéad fhomhíre, is ionann suíomh fada agus suíomh ina dtiocfaidh méadú ar mhargadhluach an tsuímh nuair a thagann méadú ar luach a phríomhthionscnóra riosca, agus is ionann suíomh gearr agus suíomh ina laghdaíonn margadhluach an tsuímh nuair a thagann méadú ar luach a phríomhthionscnóra riosca.

Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh luach an tsuímh fhada (gearr) chomhiomlánaithe cothrom le suim luachanna na suíomhanna fada (gearr) aonair a áirítear sa ríomh i gcomhréir le pointe (a).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas