I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin san Aontas
►C9
ualach riosca
◄ atá níos ísle ná an t-
►C9
ualach riosca
◄ sin atá tugtha le fios i míreanna 1 go 2 a shannadh do
►C9
neamhchosaintí
◄ ar a rialtas láir agus a mbanc ceannais atá ainmnithe agus cistithe san airgeadra intíre, féadfaidh institiúidí
►C9
ualach riosca
◄ a chur i bhfeidhm maidir le
►C9
neamhchosaintí
◄ den sórt sin ar an tslí chéanna.
Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na
►C9
neamhchosaintí ◄ ar rialtas láir nó ar bhanc ceannais de chuid tríú tíre, go dtí an 1 Eanáir 2015, i gcás ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.