|
+Airteagal 125 1. |
Airteagal 125 1.Maidir le neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 124(2), pointe (a)(i) nó (ii), déanfar ualú riosca 20 % a shannadh don chuid den neamhchosaint suas le 55 % den luach réadmhaoine. I gcás ina bhfuil lian sóisearach i seilbh institiúide agus ina bhfuil liain níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide sin, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 20 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine a laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide. I gcás ina bhfuil liain nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 20 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid aon lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide, a laghdú de thoradh an mhéid seo a leanas:
(a)
55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid lian níos sinsearaí, más ann dóibh, atá i seilbh na hinstitiúide agus i seilbh institiúidí eile araon; agus
(b)
méid na lian nach bhfuil i seilbh an fhorais atá ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide arna roinnt ar shuim na lian pari passu uile. I gcás, i gcomhréir le hAirteagal 124(9), inar shocraigh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe ualú riosca níos airde nó céatadán níos ísle den luach réadmhaoine ná na cinn siúd dá dtagraítear sa mhír seo, úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca nó céatadán a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 124(9). Déanfar an chuid atá fágtha den neamhchosaint dá dtagraítear sa chéad fhomhír, más ann dó, a ualú ó thaobh riosca de mar neamhchosaint ar chontrapháirtí nach bhfuil urraithe le réadmhaoin chónaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|