+Airteagal 125 Neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe
---+Airteagal 125 1.
---+Airteagal 125 2.
---+Airteagal 125 3.

Airteagal 125 Neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 125 1.
Maidir le neamhchosaint arna hurrú le réadmhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 124(2), pointe (a)(i) nó (ii), déanfar ualú riosca 20 % a shannadh don chuid den neamhchosaint suas le 55 % den luach réadmhaoine.

I gcás ina bhfuil lian sóisearach i seilbh institiúide agus ina bhfuil liain níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide sin, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 20 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine a laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide.

I gcás ina bhfuil liain nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 20 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid aon lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide, a laghdú de thoradh an mhéid seo a leanas:

(a) 

55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid lian níos sinsearaí, más ann dóibh, atá i seilbh na hinstitiúide agus i seilbh institiúidí eile araon; agus

(b) 

méid na lian nach bhfuil i seilbh an fhorais atá ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide arna roinnt ar shuim na lian pari passu uile.

I gcás, i gcomhréir le hAirteagal 124(9), inar shocraigh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe ualú riosca níos airde nó céatadán níos ísle den luach réadmhaoine ná na cinn siúd dá dtagraítear sa mhír seo, úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca nó céatadán a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 124(9).

Déanfar an chuid atá fágtha den neamhchosaint dá dtagraítear sa chéad fhomhír, más ann dó, a ualú ó thaobh riosca de mar neamhchosaint ar chontrapháirtí nach bhfuil urraithe le réadmhaoin chónaithe.

Airteagal 125 2.
Sannfar do neamhchosaint dá dtagraítear in Airteagal 124(2), pointe (a)(iii), an t-ualú riosca a socraíodh i gcomhréir le neamhchosaint agus luach maidir leis an mbuicéad ualaithe riosca faoi seach i dTábla 1.

Chun críocha na míre seo, i gcomhréir le hAirteagal 124(9), i gcás inar shocraigh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe ualú riosca níos airde nó céatadán neamhchosanta agus luacha atá níos ísle ná na cinn siúd dá dtagraítear sa mhír seo, úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca nó céatadán a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 124(9).


Tábla 1

ETV

ETV ≤ 50 %

50 % < ETV ≤ 60 %

60 % < ETV ≤ 80 %

80 % < ETV ≤ 90 %

90 % < ETV≤ 100 %

ETV > 100 %

Ualú riosca

30 %

35 %

45 %

60 %

75 %

105 %

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh institiúidí an láimhseáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Bhallstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 430a(3) rátaí caillteanais do na neamhchosaintí sin nach mó iad, bunaithe ar na sonraí comhiomlánaithe arna dtuairisciú ag na hinstitiúidí sa Bhallstát sin le haghaidh an mhargaidh réadmhaoine dochorraithe náisiúnta sin, ná aon cheann de na teorainneacha seo a leanas le haghaidh caillteanais chomhiomlána thar na hinstitiúidí uile agus na neamhchosaintí sin a bhí ann an bhliain roimhe:

(a) 

ní mó ná 0,3  % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (a), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (c);

(b) 

ní mó ná 0,5  % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (b), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (c).

Airteagal 125 3.
Chomh maith leis sin, féadfaidh institiúidí an maolú dá dtagraítear i mír 2, an tríú fomhír, den Airteagal seo a chur i bhfeidhm freisin i gcásanna ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil den tríú tír, a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas mar a cinneadh i gcinneadh ón gCoimisiún a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 107(4), rátaí caillteanais comhfhreagracha a fhoilsiú le haghaidh neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe atá suite laistigh den tríú tír sin.

I gcás nach bhfoilseoidh údarás inniúil tríú tír rátaí caillteanais comhfhreagracha le haghaidh neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe atá suite laistigh de chríoch an tríú tír sin, féadfaidh ÚBE an fhaisnéis sin a fhoilsiú don tríú tír sin, ar choinníoll go bhfuil sonraí staidrimh bailí, atá ionadaíoch ó thaobh staidrimh de ar an margadh comhfhreagrach réadmhaoine cónaithe, ar fáil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas