+Airteagal 147 5.

Airteagal 147 5.

Le bheith incháilithe d'aicme na ►C9  neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol atá leagtha amach i bpointe (d) de mhír 2, comhlíonfaidh ►C9  neamhchosaintí ◄ na critéir seo a leanas:

(a) 

beidh ceann díobh seo a leanas i gceist leo:

(i) 

►C9  neamhchosaintí ◄ ar dhuine nádúrtha amháin nó níos mó;

▼M17

(ii) 

neamhchosaintí ar FBM, ar choinníoll sa chás sin nach mó an méid iomlán a bheidh dlite don institiúid agus do na máthairghnóthais agus dá fochuideachtaí, lena n-áirítear aon neamhchosaint ar mainneachtain, ag an oibleagáideoir cliant nó ag an ngrúpa cliant nasctha, ach gan neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, suas go dtí an luach réadmhaoine san áireamh, a mhéid is feasach don institiúid, ná EUR 1 mhilliún, a dhéanfaidh bearta réasúnta chun méid na neamhchosaintí sin a fhíorú;

(iii) 

neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe, lena n-áirítear an chéad lian agus liain ina dhiaidh sin, iasachtaí téarma, línte creidmheasa cothromais tí imrothlacha, agus neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagal 108(4) agus (5), gan beann ar mhéid na neamhchosanta, ar choinníoll gur ceann díobh seo a leanas atá sa neamhchosaint:

(1) 

neamhchosaint ar dhuine nádúrtha;

(2) 

neamhchosaint ar chomhlachais nó ar chomharchumainn daoine aonair atá rialáilte faoin dlí náisiúnta agus atá ann le haon chuspóir amháin chun úsáid as príomháit chónaithe sa mhaoin lena n-urraítear an iasacht a thabhairt dá gcomhaltaí;

▼B

(b) 

déanann an institiúid iad a láimhseáil sa bhainistíocht ►C9  riosca ◄ a bhíonn ar bun aici agus déantar é sin go comhsheasmhach le himeacht ama agus ar bhealach dá samhail;

▼M17

(c) 

ní bhainistítear iad díreach chomh haonarach agus a dhéantar le neamhchosaintí sna haicmí neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (c)(i), (ii) nó (iii);

▼B

(d) 

tá gach ceann in ionannas le ceann as líon suntasach ►C9  neamhchosaintí ◄ a bhainistítear ar an gcaoi chéanna.

Anuas ar na ►C9  neamhchosaintí ◄ atá liostaithe sa chéad fhomhír, áireofar luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol in aicme na ►C9  neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol.

Sannfar na neamhchosaintí a chomhlíonann na coinníollacha uile a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (a)(iii), pointí (b), (c) agus (d), den mhír seo don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(ii).

De mhaolú ar an tríú fomhír den mhír seo, féadfaidh údaráis inniúla iasachtaí le daoine nádúrtha a bhfuil níos mó ná ceithre réadmhaoin dhochorraithe nó aonad tithíochta faoi mhorgáiste acu, lena n-áirítear iasachtaí le daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 108(4), a eisiamh ón aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d)(ii), lena n-áirítear iasachtaí le daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 108(4), agus na hiasachtaí sin a shannadh do cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (c)(i), (ii) nó (iii).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas