+Airteagal 161 6.

Airteagal 161 6.

Chun críocha mhír 4 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na híosrátaí ionchuir LGD i dTábla 1 sa mhír sin maidir le neamhchosaintí arna n-urrú go hiomlán le cosaint creidmheasa chistithe incháilithe, tar éis na coigeartuithe luaineachta Hc agus Hfx lena mbaineann a bheith curtha i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 230, i gcás inarb ionann luach na cosanta creidmheasa cistithe agus luach na neamhchosanta foluití nó is mó ná an luach sin.

Chun críocha mhír 4 den Airteagal seo agus chun críocha chur i bhfeidhm na gcoigeartuithe gaolmhara ábhartha, Hc agus Hfx, i gcomhréir le hAirteagal 230, beidh cosaint creidmheasa chistithe incháilithe de bhun na Caibidle seo. Sa chás sin, déanfar an cineál cosanta creidmheasa chistithe “comhthaobhacht fhisiceach eile” in Airteagal 230, Tábla 1, a thuiscint mar “comhthaobhacht fhisiceach eile agus comhthaobhacht incháilithe eile”.

Déantar an t-íosráta ionchuir LGD is infheidhme (LGDíosráta) i gcás aon neamhchosanta arna hurrú go páirteach le FCP a ríomh mar mheán ualaithe LGDíosráta U don chuid den neamhchosaint gan FCP agus mar LGDíosráta S don chuid atá urraithe go hiomlán, mar a leanas:

i gcás inarb amhlaidh:

Is iad LGDíosráta U agus LGDíosráta S na híosluachanna ábhartha i dTábla 1;

Cinntear E, ES, EU agus HE i gcomhréir le hAirteagal 230.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas