+Airteagal 161 Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)
---+Airteagal 161 1.
---+Airteagal 161 2.
---+Airteagal 161 3.
---+Airteagal 161 4.
---+Airteagal 161 5.
---+Airteagal 161 6.
---+Airteagal 161 7.
|
Airteagal 161 Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 161 1.
|
Úsáidfidh na hinstitiúidí na luachanna LGD a leanas:
▼M17
(a)
neamhchosaintí sinsearacha gan cosaint creidmheasa chistithe incháilithe ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ar eintitis earnála airgeadais agus ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí: 45 %;
▼M17
(aa)
neamhchosaintí sinsearacha gan cosaint creidmheasa chistithe incháilithe ar chorparáidí nach eintitis earnála airgeadais iad: 40 %;
▼B
(b)
►C9
fo-neamhchosaintí ◄ gan comhthaobhacht incháilithe: 75 %;
▼M17 —————
▼B
(d)
is féidir luach LGD 11.25 % a shannadh do bhannaí faoi chumhdach atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó in Airteagal 129(5);
▼M17
(e)
i gcás neamhchosaintí sinsearacha ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás nach mbeidh an institiúid in ann PDanna a mheas nó nuair nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide na ceanglais a leagtar amach i Roinn 6: 40 %;
▼B
(f)
i gcás
►C9
fo-neamhchosaintí ◄ ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, nuair nach féidir le hinstitiúid meastachán a dhéanamh ar PDanna nó i gcás nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6: 100 %;
▼M17
(g)
i gcás riosca caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe: 100 %.
▼B
|
|
Airteagal 161 2.
|
I gcás
►C9
riosca ◄ caolúcháin agus mainneachtana, má tá cead faighte ag institiúid ón údarás inniúil a meastacháin LGD féin a úsáid le haghaidh
►C9
neamhchosaintí ◄ corparáideacha de bhun Airteagal 143 agus más féidir léi a meastacháin EL le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfar úsáid a bhaint as an meastachán LGD le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe.
|
|
Airteagal 161 3.
|
Maidir le neamhchosaint atá cumhdaithe le cosaint creidmheasa neamhchistithe, féadfaidh institiúid a úsáideann a meastacháin LGD féin de bhun Airteagal 143 le haghaidh na neamhchosanta atá cumhdaithe le cosaint creidmheasa neamhchistithe agus i gcás neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar sholáthraí na cosanta, féadfaidh sí an chosaint creidmheasa neamhchistithe a aithint sa LCD i gcomhréir le hAirteagal 183.
|
|
Airteagal 161 4.
|
I gcás neamhchosaintí arna sannadh do na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (c)(i), (ii) nó (iii), chun méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí sin a ríomh, agus chuige sin amháin, agus go háirithe chun críocha Airteagal 153(1), pointe (iii), Airteagal 157, agus Airteagal 158(1), (5) agus (10), i gcás ina n-úsáidtear a meastacháin LGD féin, ní bheidh luachanna LGD maidir le gach neamhchosaint a úsáidtear mar ionchur de na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach níos lú ná na luachanna íosráta ionchuir LGD seo a leanas, arna ríomh i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo.
Tábla 1
|
Íosrátaí ionchuir LGD (LGDíosráta) i gcás neamhchosaintí a bhaineann leis na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (c)(i), (ii) nó (iii)
|
|
Neamhchosaint gan FCP incháilithe (LGDíosráta U)
|
Neamhchosaint arna hurrú go hiomlán le FCP incháilithe (LGDíosráta S)
|
|
25 %
|
comhthaobhacht airgeadais
|
0 %
|
|
earraí infhaighte
|
10 %
|
|
réadmhaoin chónaithe nó réadmhaoin dhochorraithe tráchtála
|
10 %
|
|
comhthaobhacht fhisiceach eile
|
15 %
|
|
|
Airteagal 161 5.
|
Maidir le neamhchosaintí a shanntar do na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (aa)(i) nó (ii), chun méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí sin a ríomh, agus chuige sin amháin, agus go háirithe chun críocha Airteagal 153(1), pointe (iii), Airteagal 157, agus Airteagal 158(1), (5) agus (10), i gcás ina n-úsáidtear a meastacháin féin ar LGD, ní bheidh luach LGD a úsáidtear mar ionchur de na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach do neamhchosaintí gan FCP incháilithe níos lú ná an luach íosráta ionchuir LGD seo a leanas: 5 %.
|
|
Airteagal 161 6.
|
Chun críocha mhír 4 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na híosrátaí ionchuir LGD i dTábla 1 sa mhír sin maidir le neamhchosaintí arna n-urrú go hiomlán le cosaint creidmheasa chistithe incháilithe, tar éis na coigeartuithe luaineachta Hc agus Hfx lena mbaineann a bheith curtha i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 230, i gcás inarb ionann luach na cosanta creidmheasa cistithe agus luach na neamhchosanta foluití nó is mó ná an luach sin. Chun críocha mhír 4 den Airteagal seo agus chun críocha chur i bhfeidhm na gcoigeartuithe gaolmhara ábhartha, Hc agus Hfx, i gcomhréir le hAirteagal 230, beidh cosaint creidmheasa chistithe incháilithe de bhun na Caibidle seo. Sa chás sin, déanfar an cineál cosanta creidmheasa chistithe “comhthaobhacht fhisiceach eile” in Airteagal 230, Tábla 1, a thuiscint mar “comhthaobhacht fhisiceach eile agus comhthaobhacht incháilithe eile”. Déantar an t-íosráta ionchuir LGD is infheidhme (LGDíosráta) i gcás aon neamhchosanta arna hurrú go páirteach le FCP a ríomh mar mheán ualaithe LGDíosráta U don chuid den neamhchosaint gan FCP agus mar LGDíosráta S don chuid atá urraithe go hiomlán, mar a leanas: i gcás inarb amhlaidh: Is iad LGDíosráta U agus LGDíosráta S na híosluachanna ábhartha i dTábla 1; Cinntear E, ES, EU agus HE i gcomhréir le hAirteagal 230.
|
|
Airteagal 161 7.
|
I gcás ina n-úsáideann institiúid a meastacháin LGD féin le haghaidh cineál ar leith neamhchosaintí neamhurraithe ar chorparáidí agus le haghaidh neamhchosaintí neamhurraithe ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí nach bhfuil ar a cumas aici an éifeacht a bhaineann leis an gcosaint creidmheasa chistithe lena n-urraítear ceann de na neamhchosaintí den chineál sin neamhchosanta a chur san áireamh ina meastachán féin ar LGD ceal sonraí maidir le haisghabhálacha don chosaint creidmheasa chistithe sin, ceadófar don institiúid an fhoirmle a leagtar amach in Airteagal 230 a chur i bhfeidhm, ach amháin gurb é meastachán na hinstitiúide féin ar LGD a chuirfear ar LGDU san fhoirmle sin i gcás neamhchosaintí neamhurraithe. Sa chás sin, beidh an chosaint creidmheasa chistithe incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4 agus déanfar meastachán na hinstitiúide féin ar LGD arna n-úsáid LGDU a ríomh bunaithe ar shonraí maidir le caillteanas foluiteach gan aon ghnóthú a eascraíonn as an gcosaint creidmheasa chistithe sin a chur san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|