+Airteagal 172 1.

Airteagal 172 1.

►M17  I gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla nó eintitis earnála poiblí, neamhchosaintí ar institiúidí agus neamhchosaintí ar chorparáidí, déanfar neamhchosaintí a shannadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas: ◄

(a) 

sannfar gach oibleagáideoir do ghrád oibleagáideora ar leith mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh;

(b) 

i gcás na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin a bhfuil cead faighte ag institiúid ón údarás inniúil a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta a úsáid de bhun Airteagal 143, sannfar gach ►C9  neamhchosaint ◄ do ghrád saoráide freisin mar chuid den phróiseas chun creidmheas a fhaomhadh;

(c) 

institiúidí a úsáideann na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 153(5) chun ualuithe ►C9  riosca ◄ a shannadh do ►C9  neamhchosaintí ◄ ar iasachtú speisialaithe, sannfaidh siad gach ceann de na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin do ghrád ar leith i gcomhréir le hAirteagal 170(2);

▼M17

(d) 

déanfar rátáil ar leith ar gach eintiteas dlíthiúil ar leith ar a bhfuil an institiúid neamhchosanta;

▼B

(e) 

déanfar ►C9  neamhchosaintí ◄ leithleacha ar an oibleagáideoir céanna a shannadh don ghrád oibleagáideora céanna, beag beann ar aon difríocht idir cineál gach idirbhirt ar leith. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn gráid éagsúla ag an oibleagáideoir céanna de bharr ►C9  neamhchosaintí ◄ leithleacha, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(i) 

►C9  riosca ◄ aistrithe tíre, rud a bhíonn ag brath ar cé acu in airgeadra áitiúil nó in airgeadra eachtrach a ainmnítear na ►C9  neamhchosaintí ◄ ;

(ii) 

féadfar láimhseáil ráthaíochtaí gaolmhara ar ►C9  neamhchosaint ◄ a léiriú i sannadh coigeartaithe do ghrád oibleagáideora;

(iii) 

toirmeascann an reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí, rúndacht bhaincéireachta nó reachtaíocht eile malartú sonraí na gcliant.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), beidh beartais iomchuí ag institiúid maidir leis an mbealach a láimhseáiltear cliaint aonair ar oibleagáideoirí iad agus grúpaí cliant nasctha. Beidh próiseas sna beartais sin chun Sainriosca Comhghaolmhaireachta a shainaithint i gcás gach eintitis dhlítheanaigh a bhfuil an institiúid neamhchosanta ina leith.

Chun críocha Chaibidil 6, déanfar idirbhearta le contrapháirtithe i gcásanna inar sainaithníodh Sainriosca Comhghaolmhaireachta a láimhseáil ar bhealach difriúil nuair a bheidh luach na neamhchosanta á ríomh acu.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas