+Airteagal 178 Mainneachtain oibleagáideora nó saoráide creidmheasa
---+Airteagal 178 1.
---+Airteagal 178 2.
---+Airteagal 178 3.
---+Airteagal 178 4.
---+Airteagal 178 5.
---+Airteagal 178 6.
---+Airteagal 178 7.

Airteagal 178 Mainneachtain oibleagáideora nó saoráide creidmheasa

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 178 1.

Measfar go mbeidh mainneachtain tar éis tarlú maidir le hoibleagáideoir ar leith má tharlaíonn ceachtar den dá rud a leanas nó an dá rud:

(a) 

measann an institiúid nach dócha go n-íocfaidh an t-oibleagáideoir iomlán a oibleagáidí creidmheasa leis an institiúid, leis an máthairchuideachta nó le ceann ar bith dá fochuideachtaí gan an institiúid dul i muinín birt amhail urrús a réadú;

▼M17

(b) 

tá an t-oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 90 lá in aon oibleagáid chreidmheasa ábhartha i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí.

▼B

I gcás ►C9  neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol, féadfaidh institiúidí an sainmhíniú ar mhainneachtain a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar leibhéal na saoráide aonair creidmheasa seachas ar na hoibleagáidí iomlána a bheidh ag iasachtaí.

Airteagal 178 2.

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas chun críocha phointe (b) de mhír 1:

(a) 

i gcás rótharraingtí, tosaíonn na laethanta thar téarma a luaithe a sháraíonn an t-oibleagáideoir teorainn mholta, a luaithe a mholtar teorainn dó atá níos lú ná na suimeanna gan íoc, nó a luaithe atá creidmheas tarraingthe aige gan údarás, nuair atá an méid bunúsach ábhartha;

(b) 

chun críocha phointe (a), cuimsíonn teorainn mholta aon teorainn chreidmheasa a chinn an institiúid agus a d'fhógair an institiúid don oibleagáideoir;

(c) 

i gcás cártaí creidmheasa, tosaíonn na laethanta thar téarma ar an dáta a bhfuil an íos-íocaíocht dlite.

(d) 

ábharthacht oibleagáid chreidmheasa thar theárma a mheasúnófar le tairseach, arna sainiú ag na húdaráis inniúla. Cuirfear i gcuntas sa tairseach seo an leibhéal ►C9  riosca ◄ is dóigh leis an údarás inniúil a bheith réasúnta;

(e) 

beidh beartais dhoiciméadaithe ag institiúidí i leith áireamh na laethanta thar téarma, go háirithe maidir le hathaosú na saoráidí agus le síntí, leasuithe nó iarchur a cheadú, athnuachaintí, agus glanluacháil a dhéanamh ar chuntais atá ann cheana. Cuirfear na beartais sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama, agus beidh siad I gcomhréir le próisis chinnteoireachta agus le bainistíocht ►C9  riosca ◄ inmheánach na hinstitiúide.

Airteagal 178 3.

Chun críocha phointe (a) de mhír 1, áireofar na heilimintí seo a leanas mar tháscairí ar mhídhóchúlacht na híocaíochta:

(a) 

tugann an institiúid an stádas “neamhfhabhraithe” don oibleagáid chreidmheasa;

(b) 

sainaithníonn an institiúid coigeartú sonrach i leith ►C9  riosca ◄ creidmheasa a thig ó mheathlú suntasach atá le sonrú sa cháilíocht chreidmheasa tar éis don institiúid glacadh leis an ►C9  neamhchosaint ◄ ;

(c) 

díolann an institiúid an oibleagáid chreidmheasa faoi chaillteanas eacnamaíoch ábhartha a bhaineann le creidmheas;

▼M17

(d) 

toilíonn an institiúid le beart staonta dá dtagraítear in Airteagal 47b den oibleagáid creidmheasa i gcás inar dóigh go mbeidh mar thoradh ar an mbeart sin oibleagáid airgeadais níos lú mar gheall ar chealú ábhartha nó ar chur siar na príomhshuime, an úis nó, i gcás inarb ábhartha, na dtáillí;

▼B

(e) 

tá an institiúid tar éis iarratas oifigiúil a dhéanamh ar ordú féimheachta nó ordú dá leithéid i leith oibleagáid chreidmheasa an oibleagáideora i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí;

(f) 

tá an t-oibleagáideoir tar éis féimheacht a iarraidh nó breithníodh é ina fhéimheach nó tá sé tar éis cosaint dá samhail a iarraidh nó a fháil i gcás ina mbacfaí nó ina gcuirfí moill ar aisíocaíocht na hoibleagáide creidmheasa i leith na hinstitiúide, na máthairchuideachta nó ceann ar bith dá fochuideachtaí dá bharr.

Airteagal 178 4.
Institiúidí a úsáideann sonraí seachtracha nach bhfuil comhsheasmhach iontu féin leis an sainmhíniú ar mhainneachtain atá leagtha síos i mír 1, déanfaidh siad na coigeartuithe iomchuí le go mbeidh siad coibhéiseach, tríd is tríd, leis an sainmhíniú ar mhainneachtain.
Airteagal 178 5.
Má mheasann an institiúid go bhfuil ►C9  neamhchosaint ◄ a mhainnigh cheana de chineál a chiallaíonn nach bhfuil feidhm a thuilleadh le truicear mainneachtana, rátálfaidh an institiúid an t-oibleagáideoir nó an tsaoráid mar a dhéanfadh sí i gcás ►C9  neamhchosanta ◄ nár mhainnigh. I gcás ina spreagfaí sainiú na mainneachtana ina dhiaidh sin, mheasfaí go mbeadh mainneachtain eile ann.
Airteagal 178 6.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a chinnfidh údarás inniúil an tairseach dá dtagraítear i mír 2(d).

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 178 7.
Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo. Glacfar leis na treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Faoin 10 Iúil 2025, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a nuashonrú. Go háirithe, tabharfar aird chuí sa nuashonrú sin ar an ngá atá le hinstitiúidí a spreagadh chun dul i mbun athstruchtúrú réamhghníomhach coisctheach fóinteach fiachais chun tacú leis na hoibleagáideoirí.

Agus na treoirlínte sin á gceapadh aige, déanfaidh ÚBE breithniú cuí ar an ngá atá le solúbthacht leordhóthanach a dheonú d’institiúidí nuair a dhéanfar sonrú ar cad is ann “d’oibleagáid laghdaithe airgeadais” chun críocha mhír 3, pointe (d).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas