|
+Airteagal 178 3. |
Airteagal 178 3.Chun críocha phointe (a) de mhír 1, áireofar na heilimintí seo a leanas mar tháscairí ar mhídhóchúlacht na híocaíochta:
(a)
tugann an institiúid an stádas “neamhfhabhraithe” don oibleagáid chreidmheasa;
(b)
(c)
díolann an institiúid an oibleagáid chreidmheasa faoi chaillteanas eacnamaíoch ábhartha a bhaineann le creidmheas;
(d)
toilíonn an institiúid le beart staonta dá dtagraítear in Airteagal 47b den oibleagáid creidmheasa i gcás inar dóigh go mbeidh mar thoradh ar an mbeart sin oibleagáid airgeadais níos lú mar gheall ar chealú ábhartha nó ar chur siar na príomhshuime, an úis nó, i gcás inarb ábhartha, na dtáillí;
(e)
tá an institiúid tar éis iarratas oifigiúil a dhéanamh ar ordú féimheachta nó ordú dá leithéid i leith oibleagáid chreidmheasa an oibleagáideora i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí;
(f)
tá an t-oibleagáideoir tar éis féimheacht a iarraidh nó breithníodh é ina fhéimheach nó tá sé tar éis cosaint dá samhail a iarraidh nó a fháil i gcás ina mbacfaí nó ina gcuirfí moill ar aisíocaíocht na hoibleagáide creidmheasa i leith na hinstitiúide, na máthairchuideachta nó ceann ar bith dá fochuideachtaí dá bharr. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|