|
+Airteagal 178 2. |
Airteagal 178 2.Beidh feidhm ag an méid seo a leanas chun críocha phointe (b) de mhír 1:
(a)
i gcás rótharraingtí, tosaíonn na laethanta thar téarma a luaithe a sháraíonn an t-oibleagáideoir teorainn mholta, a luaithe a mholtar teorainn dó atá níos lú ná na suimeanna gan íoc, nó a luaithe atá creidmheas tarraingthe aige gan údarás, nuair atá an méid bunúsach ábhartha;
(b)
chun críocha phointe (a), cuimsíonn teorainn mholta aon teorainn chreidmheasa a chinn an institiúid agus a d'fhógair an institiúid don oibleagáideoir;
(c)
i gcás cártaí creidmheasa, tosaíonn na laethanta thar téarma ar an dáta a bhfuil an íos-íocaíocht dlite.
(d)
ábharthacht oibleagáid chreidmheasa thar theárma a mheasúnófar le tairseach, arna sainiú ag na húdaráis inniúla. Cuirfear i gcuntas sa tairseach seo an leibhéal ►C9 riosca ◄ is dóigh leis an údarás inniúil a bheith réasúnta;
(e)
beidh beartais dhoiciméadaithe ag institiúidí i leith áireamh na laethanta thar téarma, go háirithe maidir le hathaosú na saoráidí agus le síntí, leasuithe nó iarchur a cheadú, athnuachaintí, agus glanluacháil a dhéanamh ar chuntais atá ann cheana. Cuirfear na beartais sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama, agus beidh siad I gcomhréir le próisis chinnteoireachta agus le bainistíocht ►C9 riosca ◄ inmheánach na hinstitiúide. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|