+Airteagal 183 Ceanglais maidir le measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag cosaint creidmheasa neamhchistithe i gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis earnála poiblí, agus, neamhchosaintí ar chorparáidí, i gcás ina n-úsáidtear a meastacháin LGD féin agus i gcás neamhchosaintí miondíola
---+Airteagal 183 1.
---+Airteagal 183 1a.
---+Airteagal 183 2.
---+Airteagal 183 3.
---+Airteagal 183 4.
---+Airteagal 183 5.

Airteagal 183 Ceanglais maidir le measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag cosaint creidmheasa neamhchistithe i gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis earnála poiblí, agus, neamhchosaintí ar chorparáidí, i gcás ina n-úsáidtear a meastacháin LGD féin agus i gcás neamhchosaintí miondíola

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 183 1.

Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le ráthóirí agus ráthaíochtaí incháilithe:

(a) 

beidh ag institiúidí critéir atá sonraithe go soiléir maidir leis na cineálacha ráthóirí a aithníonn siad chun na méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ a ríomh;

(b) 

i gcás ráthóirí aitheanta beidh feidhm ag na rialacha céanna sin a bhaineann le hoibleagáideoirí mar atá leagtha amach in Airteagal 171, Airteagal 172 agus Airteagal 173;

▼M17

(c) 

beidh an ráthaíocht fianaithe i scríbhinn, beidh sí neamh-inchealaithe agus neamh-inathraithe ó thaobh an ráthóra, beidh sí i bhfeidhm nó go gcomhlíonfar an oibleagáid ina hiomláine, a mhéid a bhaineann le méid agus aibíocht na ráthaíochta, agus is féidir í a chur i bhfeidhm le dlí i gcoinne an ráthóra i ndlínse ina bhfuil sócmhainní ag an ráthóir a fhéadfar a urghabháil chun breithiúnas a fhorfheidhmiú;

▼M17

(d) 

beidh an ráthaíocht gan choinníoll.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), ciallaíonn “ráthaíocht gan choinníoll” ráthaíocht nach bhfuil aon chlásal i gconradh na cosanta creidmheasa nach bhfuil a chomhlíonadh faoi rialú díreach na hinstitiúide iasachtaí agus a d’fhéadfadh cosc a chur ar an ráthóir a bheith faoi oibleagáid íocaíocht a dhéanamh go tráthúil de bhun mhainneachtain cháilitheach an oibleagáideora nó de bhun méid dlite gan a bheith íoctha ag an oibleagáideoir bunaidh. I gcás ina mbeidh clásal sa chonradh cosanta creidmheasa lena bhforáiltear go gcealófar nó go laghdófar fairsinge na ráthaíochta arna tairiscint ag an ráthóir i gcás dícheall cuí lochtach nó calaois a bheith déanta ag an institiúid iasachtaí, ní bheidh an ráthaíocht sin dícháilithe óna bheith measta mar ráthaíocht gan choinníoll.

I gcás ráthaíochtaí ina bhfuil íocaíocht an ráthóra faoi réir na hinstitiúide iasachtaí a bheith ag tóraíocht an oibleagáideora ar dtús agus nach gcumhdaítear leo ach caillteanais a bheidh fágtha tar éis don institiúid an próiseas réitigh a thabhairt i gcrích, measfar go bhfuil na ráthaíochtaí sin gan choinníoll.

Airteagal 183 1a.
Féadfaidh institiúidí cosaint creidmheasa neamhchistithe a aithint trí chur chuige um shamhaltú coigeartaithe PD/LGD, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus faoi réir an cheanglais a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, nó trí ionadú an chur chuige maidir le paraiméadair riosca faoi A-IRB i gcomhréir le hAirteagal 236a agus faoi réir cheanglais incháilitheachta Chaibidil 4. Beidh beartais shoiléire ag institiúidí chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag cosaint creidmheasa neamhchistithe ar pharaiméadair riosca. Beidh beartais na n-institiúidí comhsheasmhach le cleachtais inmheánacha bainistíochta riosca agus léireofar ceanglais an Airteagail seo iontu. Sonrófar go soiléir sna beartais sin cé acu modhanna sonracha a dtugtar tuairisc orthu sa mhír seo a úsáidfear i gcás gach córais rátála agus cuirfidh institiúidí na beartais sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama.
Airteagal 183 2.
Beidh ag institiúid critéir atá sonraithe go soiléir maidir leis na gráid, na comhthiomsuithe nó na meastacháin ar LGDanna a choigeartú agus, i gcás earraí infhaighte ceannaithe incháilithe agus miondíola, an próiseas maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ a shannadh do ghráid nó do comhthiomsuithe, chun iarmhairt na ráthaíochtaí ar ríomh na méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ a chur san áireamh. Comhlíonfaidh na critéir sin na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 171, Airteagal172 agus Airteagal 173.

Beidh na critéir dealraitheach iomasach. Tabharfaidh siad aghaidh ar chumas agus ar thoil an ráthóra feidhmiú faoin ráthaíocht, an uair is dócha a dhéanfaidh an ráthóir aon íocaíocht, a mhéid atá cumas an ráthóra maidir leis na téarmaí a chomhlíonadh comhghaolaithe le cumas an oibleagáideora an aisíocaíocht a dhéanamh agus a mhéid a fhanann an ►C9  riosca ◄ iarmharach i leith an oibleagáideora.

Airteagal 183 3.
Beidh feidhm freisin ag na ceanglais maidir le ráthaíochtaí san Airteagal seo i leith díorthaigh chreidmheasa aonainm. I gcás neamhréire idir an bhunoibleagáid agus oibleagáid tagartha an díorthaigh chreidmheasa nó an oibleagáid lena gcinntear ar tharla teagmhas creidmheasa nó nár tharla, beidh feidhm ag na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 216(2). Maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol agus ar earraí infhaighte ceannaithe incháilithe, tá feidhm ag an mír seo maidir leis an bpróiseas chun na ►C9  neamhchosaintí ◄ a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe;

Tabharfaidh na critéir aghaidh ar struchtúr eisíocaíochta an díorthaigh chreidmheasa agus measúnóidh siad go coimeádach a iarmhairt ar leibhéal agus ar uainiú na n-aisghnóthuithe. Cuirfidh an institiúid san áireamh a mhéid atá cineálacha eile ►C9  riosca ◄ iarmharaigh fanta.

Féadfar díorthaigh chreidmheasa don chéad mhainneachtain a aithint mar chosaint creidmheasa neamhchistithe incháilithe. Ní aithneofar díorthaigh chreidmheasa don dara mainneachtain ná aon díorthaigh chreidmheasa eile don n-ú mainneachtain mar chosaint creidmheasa neamhchistithe incháilithe.

Airteagal 183 4.
I gcás ina n-úsáidfidh institiúidí cur chuige um shamhaltú coigeartaithe PD/LGD chun cosaint creidmheasa neamhchistithe a aithint, ní shannfar ualú riosca do chuid chumhdaithe na neamhchosanta foluití a bheadh níos lú ná íosráta RW an tsoláthraí cosanta. Chun na críche sin, ríomhfar íosráta RW an tsoláthraí cosanta ag úsáid an PD céanna, an LGD céanna agus na feidhme ualaithe riosca céanna agus na cinn is infheidhme maidir le neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar an soláthraí cosanta dá dtagraítear in Airteagal 236a.
Airteagal 183 5.
I gcás ráthaíochtaí miondíola, beidh feidhm freisin ag na ceanglais atá leagtha amach i mír 1,i mír 2 agus i mír 3 maidir le sannadh na ►C9  neamhchosaintí ◄ do ghráid nó do chomhthiomsuithe, agus le meastacháin ar PD a dhéanamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas