|
+Airteagal 183 1. |
Airteagal 183 1.Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le ráthóirí agus ráthaíochtaí incháilithe:
(a)
(b)
i gcás ráthóirí aitheanta beidh feidhm ag na rialacha céanna sin a bhaineann le hoibleagáideoirí mar atá leagtha amach in Airteagal 171, Airteagal 172 agus Airteagal 173;
(c)
beidh an ráthaíocht fianaithe i scríbhinn, beidh sí neamh-inchealaithe agus neamh-inathraithe ó thaobh an ráthóra, beidh sí i bhfeidhm nó go gcomhlíonfar an oibleagáid ina hiomláine, a mhéid a bhaineann le méid agus aibíocht na ráthaíochta, agus is féidir í a chur i bhfeidhm le dlí i gcoinne an ráthóra i ndlínse ina bhfuil sócmhainní ag an ráthóir a fhéadfar a urghabháil chun breithiúnas a fhorfheidhmiú;
(d)
beidh an ráthaíocht gan choinníoll. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), ciallaíonn “ráthaíocht gan choinníoll” ráthaíocht nach bhfuil aon chlásal i gconradh na cosanta creidmheasa nach bhfuil a chomhlíonadh faoi rialú díreach na hinstitiúide iasachtaí agus a d’fhéadfadh cosc a chur ar an ráthóir a bheith faoi oibleagáid íocaíocht a dhéanamh go tráthúil de bhun mhainneachtain cháilitheach an oibleagáideora nó de bhun méid dlite gan a bheith íoctha ag an oibleagáideoir bunaidh. I gcás ina mbeidh clásal sa chonradh cosanta creidmheasa lena bhforáiltear go gcealófar nó go laghdófar fairsinge na ráthaíochta arna tairiscint ag an ráthóir i gcás dícheall cuí lochtach nó calaois a bheith déanta ag an institiúid iasachtaí, ní bheidh an ráthaíocht sin dícháilithe óna bheith measta mar ráthaíocht gan choinníoll. I gcás ráthaíochtaí ina bhfuil íocaíocht an ráthóra faoi réir na hinstitiúide iasachtaí a bheith ag tóraíocht an oibleagáideora ar dtús agus nach gcumhdaítear leo ach caillteanais a bheidh fágtha tar éis don institiúid an próiseas réitigh a thabhairt i gcrích, measfar go bhfuil na ráthaíochtaí sin gan choinníoll. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|