+Sub-Section 3 Validation of internal estimates
---+Airteagal 185 Bailíochtú na meastachán inmheánach
|
Sub-Section 3 Validation of internal estimates
Sub-Section 3 Validation of internal estimates
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 185 Bailíochtú na meastachán inmheánach
|
Airteagal 185
Bailíochtú na meastachán inmheánach
Déanfaidh institiúidí bailíochtú ar a gcuid meastachán faoi réir na gceanglas seo a leanas:
(a)
beidh córais stóinsithe i bhfeidhm ag an institiúid chun cruinneas agus comhsheasmhacht na gcóras rátála agus na bpróiseas a bhailíochtú, mar aon leis an meastachán ar gach paraiméadar
►C9
riosca ◄ ábhartha. Cuirfidh an próiseas bailíochtaithe inmheánach ar chumas na hinstitiúide measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras rátála agus na meastachán
►C9
riosca ◄ inmheánach go comhsheasmhach agus go fóinteach;
(b)
déanfaidh institiúidí comparáid go rialta idir na rátaí mainneachtana a réadaíodh agus PDanna measta gach gráid agus, má tá na rátaí mainneachtana lasmuigh den raon a bhfuil súil leis sa ghrád sin, déanfaidh na hinstitiúidí anailís shonrach ar na cúiseanna is bun leis an diall. Institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus a bhfachtóirí coinbhéartachta féin, déanfaidh siad anailís den chineál céanna i gcás na meastachán sin. Bainfidh na comparáidí seo úsáid as sonraí stairiúla a chumhdaíonn an tréimhse is faide is féidir. Tabharfaidh an institiúid tuairisc ar na modhanna agus ar na sonraí a úsáideadh i gcomparáidí den sórt sin. Tabharfar an anailís agus an doiciméadacht cothrom le dáta uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad;
(c)
úsáidfidh institiúidí uirlisí bailíochtaithe cainníochtúla eile freisin mar aon le comparáidí le foinsí sonraí seachtracha ábhartha. Bunófar an anailís ar shonraí atá oiriúnach don phunann, a nuashonraítear go rialta agus a chumhdaíonn tréimhse bhreathnóireachta ábhartha. Bunófar measúnuithe inmheánacha na n-institiúidí maidir le feidhmiú a gcóras rátála ar an tréimhse is faide is féidir;
(d)
beidh na modhanna agus na sonraí a úsáidfear don bhailíochtú cainníochtúil comhsheasmhach go fadtéarmach. Tuairisceofar na hathruithe ar na modhanna agus ar na sonraí meastacháin agus bailíochtaithe (foinsí na sonraí agus na tréimhsí a chumhdaíonn siad);
(e)
beidh caighdeáin fhónta inmheánacha ag na hinstitiúidí le haghaidh cásanna ina bhfuil na diallais ó na luachanna ionchasacha sna PDanna, sna LGDanna, sna fachtóirí coinbhéartachta agus sna caillteanais iomlána, nuair a úsáidtear an EL, suntasach a ndóthain le bheith in amhras faoi bhailíocht na meastachán. Cuirfear san áireamh sna caighdeáin sin timthriallta gnó agus inathraitheachtaí córasacha comhchosúla i stair an mhainneachtana. Más airde i gcónaí na luachanna réadaithe ná na luachanna ionchasacha, leasóidh an institiúid na meastacháin in airde chun a stair mhainneachtana agus chaillteanais a chur san áireamh iontu;
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|