|
+Airteagal 211 Ceanglais maidir le►C9neamhchosaintí◄ar léasanna a láimhseáil mar►C9neamhchosaintí◄comhthaobhaithe |
Airteagal 211 Ceanglais maidir le►C9neamhchosaintí◄ar léasanna a láimhseáil mar►C9neamhchosaintí◄comhthaobhaitheAirteagal 211 Ceanglais maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ ar léasanna a láimhseáil mar ►C9 neamhchosaintí ◄ comhthaobhaithe Láimhseálfaidh institiúidí ►C9 neamhchosaintí ◄ a thagann as idirbhearta léasaithe mar ►C9 neamhchosaintí ◄ atá comhthaobhaithe leis an gcineál maoine atá léasaithe, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 208 nó 210, de réir mar is infheidhme, maidir leis an gcineál maoine a bheidh léasaithe le cáiliú mar chomhthaobhacht incháilithe;
(b)
tá bainistíocht ►C9 riosca ◄ stóinsithe i bhfeidhm ag an léasóir maidir leis an úsáid a bhaintear as an tsócmhainn léasaithe, an suíomh ina bhfuil sí agus an aois atá aici agus an tréimhse atá beartaithe í a úsáid, lena n-áirítear faireachán iomchuí a dhéanamh ar luach an urrúis;
(c)
tá úinéireacht dhlíthiúil ag an léasóir ar an tsócmhainn agus tá sé ábalta a chearta mar úinéir a fheidhmiú go tráthúil;
(d)
sa chás nár fionnadh é sin agus leibhéal an LGD á ríomh, níl an difríocht idir luach an méid gan amúchadh agus margadhluach an urrúis chomh mór sin is go ndéanfaí meastachán thar ceart ar an maolú ►C9 riosca ◄ creidmheasa a chuirtear i leith na sócmhainní léasaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|