+Airteagal 215 Ceanglais bhreise maidir le ráthaíochtaí
---+Airteagal 215 1.
---+Airteagal 215 2.
|
Airteagal 215 Ceanglais bhreise maidir le ráthaíochtaí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 215 1.
|
Cáileoidh ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 213 agus na coinníollacha seo a leanas ar fad:
▼M17
(a)
ar mhainneachtain cháilitheach an oibleagáideora, nó ar an méid dlite gan a bheith íoctha aige, tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí an ráthóir a thóraíocht go tráthúil i leith airgead ar bith atá dlite faoin éileamh a bhfuil an chosaint á soláthar ina leith;
▼B
(b)
is oibleagáid atá doiciméadaithe go sainráite arna gabháil ag an ráthóir atá sa ráthaíocht;
(c)
comhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
cumhdaítear gach cineál íocaíochta atáthar ag súil go ndéanfadh an oibleagáideoir maidir leis an éileamh faoin ráthaíocht;
(ii)
i gcás ina ndéantar cineálacha faoi leith íocaíochta a eisiamh ón ráthóir, tá luach na ráthaíochta coigeartaithe ag an institiúid iasachtaí chun an cumhdach teoranta a léiriú.
Ní bheidh íocaíocht an ráthóra faoi réir an institiúid iasachtaí a bheith ag tóraíocht an oibleagáideora ar dtús. I gcás cosaint creidmheasa neamhchistithe lena gcuimsítear iasachtaí morgáiste cónaithe, ní cheanglófar na ceanglais in Airteagal 213(1), pointe (c)(iii), agus sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, a chomhlíonadh ach laistigh de 24 mhí.
|
|
Airteagal 215 2.
|
I gcás ráthaíochtaí arna soláthar i gcomhthéacs comhscéimeanna ráthaíochta nó arna soláthar nó arna bhfrithráthú ag na heintitis a liostaítear in Airteagal 214(2), measfar go mbeidh na ceanglais i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo agus in Airteagal 213(1), pointe (c)(iii), comhlíonta i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
de bhun mhainneachtain cháilitheach an oibleagáideora bunaidh nó an méid dlite gan a bheith íoctha aige, tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí íocaíocht shealadach a fháil go tráthúil ón ráthóir, ar íocaíocht í a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas:
(i)
léiríonn an íocaíocht shealadach meastachán stóinsithe ar an gcaillteanas, ar caillteanas é is dócha a thabhóidh an institiúid iasachtaí, lena n-áirítear caillteanais a thagann ó ús gan íoc agus cineálacha eile íocaíochta a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh;
(ii)
tá an íocaíocht shealadach comhréireach le cumhdach na ráthaíochta;
(b)
is féidir leis an institiúid iasachtaí a léiriú chun sástachta an údaráis inniúil go dtugann éifeachtaí na ráthaíochta, a chumhdóidh caillteanais a thagann ó ús gan a bheith íoctha agus cineálacha íocaíochta eile a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh freisin, go dtugann siad údar leis an láimhseáil sin; déanfar an t-údarú sin a dhoiciméadú i gceart agus beidh sé faoi réir faomhadh tiomnaithe inmheánach agus nósanna imeachta iniúchóireachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|