+Airteagal 215 1.

Airteagal 215 1.

Cáileoidh ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 213 agus na coinníollacha seo a leanas ar fad:

▼M17

(a) 

ar mhainneachtain cháilitheach an oibleagáideora, nó ar an méid dlite gan a bheith íoctha aige, tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí an ráthóir a thóraíocht go tráthúil i leith airgead ar bith atá dlite faoin éileamh a bhfuil an chosaint á soláthar ina leith;

▼B

(b) 

is oibleagáid atá doiciméadaithe go sainráite arna gabháil ag an ráthóir atá sa ráthaíocht;

(c) 

comhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

cumhdaítear gach cineál íocaíochta atáthar ag súil go ndéanfadh an oibleagáideoir maidir leis an éileamh faoin ráthaíocht;

(ii) 

i gcás ina ndéantar cineálacha faoi leith íocaíochta a eisiamh ón ráthóir, tá luach na ráthaíochta coigeartaithe ag an institiúid iasachtaí chun an cumhdach teoranta a léiriú.

Ní bheidh íocaíocht an ráthóra faoi réir an institiúid iasachtaí a bheith ag tóraíocht an oibleagáideora ar dtús.

I gcás cosaint creidmheasa neamhchistithe lena gcuimsítear iasachtaí morgáiste cónaithe, ní cheanglófar na ceanglais in Airteagal 213(1), pointe (c)(iii), agus sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, a chomhlíonadh ach laistigh de 24 mhí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas