+Airteagal 220 2.

Airteagal 220 2.

Chun críocha E* a ríomh, déanfaidh institiúidí an méid a leanas:

(a) 

ríomhfaidh siad an suíomh glan i ngach grúpa urrús nó i ngach cineál tráchtearra trí bhíthin an méid i bpointe (ii) a dhealú ón méid i bpointe (i):

(i) 

luach iomlán grúpa urrús nó tráchtearraí den chineál céanna a iasachtaíodh, a díoladh nó a soláthraíodh faoin máistir-chomhaontú glanluachála;

(ii) 

luach iomlán grúpa urrús nó tráchtearraí den chineál céanna a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas faoin máistir-chomhaontú glanluachála;

(b) 

ríomhfaidh institiúidí an suíomh glan i ngach airgeadra, seachas airgeadra socraíochta an mháistir-chomhaontaithe glanluachála, trí bhíthin an méid i bpointe (ii) a dhealú ón méid i bpointe (i):

(i) 

suim luach iomlán na n-urrús atá ainmnithe san airgeadra sin a iasachtaíodh, a díoladh nó a soláthraíodh faoin máistir-chomhaontú glanluachála agus méid an airgid thirim san airgeadra sin a iasachtaíodh nó a aistríodh faoin gcomhaontú sin;

(ii) 

suim luach iomlán na n-urrús atá ainmnithe san airgeadra sin a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas faoin máistir-chomhaontú glanluachála agus méid an airgid thirim san airgeadra sin a fuarthas ar iasacht nó a fuarthas faoin gcomhaontú sin;

▼M17

(c) 

luach an choigeartaithe luaineachta, nó, i gcás inarb ábhartha, luach absalóideach an choigeartaithe luaineachta is iomchuí do ghrúpa áirithe urrús nó do chineál áirithe tráchtearraí, a chur i bhfeidhm maidir le luach absalóideach an tsuímh ghlain dheimhnigh nó dhiúltaigh sna hurrúis sa ghrúpa sin urrús, nó maidir leis na tráchtearraí ón gcineál sin tráchtearraí;

▼B

(d) 

cuirfidh siad an coigeartú luaineachta maidir le ►C9  riosca ◄ malairte eachtraí (fx) i bhfeidhm maidir leis an suíomh glan deimhneach nó diúltach i ngach airgeadra seachas airgeadra socraíochta an mháistir-chomhaonaithe glanluachála.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas