+Airteagal 220 An Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta a úsáid le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála
---+Airteagal 220 1.
---+Airteagal 220 2.
---+Airteagal 220 3.
---+Airteagal 220 4.
---+Airteagal 220 5.
|
Airteagal 220 An Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta a úsáid le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 220 1.
|
I gcás institiúidí a ríomhann “luach na neamhchosanta lánchoigeartaithe” (E*) maidir leis na neamhchosaintí atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála incháilithe a chumhdaíonn idirbhearta um maoiniú urrús nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, ríomhfaidh siad na coigeartuithe luaineachta is gá dóibh a chur i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta a leagtar amach in Airteagail 223 go 227 le haghaidh an Mhodha Chuimsithigh Chomhthaobhaigh Airgeadais.
|
|
Airteagal 220 2.
|
Chun críocha E* a ríomh, déanfaidh institiúidí an méid a leanas:
(a)
ríomhfaidh siad an suíomh glan i ngach grúpa urrús nó i ngach cineál tráchtearra trí bhíthin an méid i bpointe (ii) a dhealú ón méid i bpointe (i):
(i)
luach iomlán grúpa urrús nó tráchtearraí den chineál céanna a iasachtaíodh, a díoladh nó a soláthraíodh faoin máistir-chomhaontú glanluachála;
(ii)
luach iomlán grúpa urrús nó tráchtearraí den chineál céanna a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas faoin máistir-chomhaontú glanluachála;
(b)
ríomhfaidh institiúidí an suíomh glan i ngach airgeadra, seachas airgeadra socraíochta an mháistir-chomhaontaithe glanluachála, trí bhíthin an méid i bpointe (ii) a dhealú ón méid i bpointe (i):
(i)
suim luach iomlán na n-urrús atá ainmnithe san airgeadra sin a iasachtaíodh, a díoladh nó a soláthraíodh faoin máistir-chomhaontú glanluachála agus méid an airgid thirim san airgeadra sin a iasachtaíodh nó a aistríodh faoin gcomhaontú sin;
(ii)
suim luach iomlán na n-urrús atá ainmnithe san airgeadra sin a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas faoin máistir-chomhaontú glanluachála agus méid an airgid thirim san airgeadra sin a fuarthas ar iasacht nó a fuarthas faoin gcomhaontú sin;
▼M17
(c)
luach an choigeartaithe luaineachta, nó, i gcás inarb ábhartha, luach absalóideach an choigeartaithe luaineachta is iomchuí do ghrúpa áirithe urrús nó do chineál áirithe tráchtearraí, a chur i bhfeidhm maidir le luach absalóideach an tsuímh ghlain dheimhnigh nó dhiúltaigh sna hurrúis sa ghrúpa sin urrús, nó maidir leis na tráchtearraí ón gcineál sin tráchtearraí;
▼B
(d)
cuirfidh siad an coigeartú luaineachta maidir le
►C9
riosca ◄ malairte eachtraí (fx) i bhfeidhm maidir leis an suíomh glan deimhneach nó diúltach i ngach airgeadra seachas airgeadra socraíochta an mháistir-chomhaonaithe glanluachála.
|
|
Airteagal 220 3.
|
Ríomhfaidh institiúidí E * i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
i
|
= an t-innéacs lena gcuirtear in iúl gach urrús, tráchtearra nó suíomh airgid ar leithligh faoin gcomhaontú arna n-iasachtú, arna ndíol faoi chomhaontú chun iad a athcheannach, nó arna mbreacadh ag an institiúid don chontrapháirtí;
|
|
j
|
= an t-innéacs lena gcuirtear in iúl gach urrús, tráchtearra nó suíomh airgid ar leithligh faoin gcomhaontú arna bhfáil ar iasacht, arna gceannach faoi chomhaontú chun iad a athdhíol, nó arna sealbhú ag an institiúid;
|
|
k
|
= an t-innéacs lena gcuirtear in iúl gach airgeadra ar leithligh ina n-ainmnítear aon urrús, tráchtearra nó suíomh airgid faoin gcomhaontú;
|
|
Ei
|
= luach neamhchosanta urrúis, tráchtearra nó shuíomh airgid áirithe i arna iasachtú, arna dhíol faoi chomhaontú chun é a athcheannach, nó arna bhreacadh don chontrapháirtí faoin gcomhaontú a mbeadh feidhm leis in éagmais cosaint creidmheasa, i gcás ina ríomhann institiúidí na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca i gcomhréir le Caibidil 2 nó 3, de réir mar is infheidhme;
|
|
Cj
|
= luach urrúis, tráchtearra nó shuíomh airgid áirithe j arna fháil ar iasacht, arna cheannach faoi chomhaontú chun é a athdhíol, nó arna shealbhú ag an institiúid faoin gcomhaontú;
|
|
|
= an suíomh glan (deimhneach nó diúltach) in airgeadra áirithe k seachas airgeadra socraíochta an chomhaontaithe arna ríomh i gcomhréir le mír 2, pointe (b);
|
|
|
= coigeartú luaineachta airgeadra k i leith airgeadra eachtrach;
|
|
Enet
|
= neamhchosaint ghlan an chomhaontaithe, arna ríomh mar a leanas:
|
i gcás inarb amhlaidh:
|
l
|
= an t-innéacs lena gcuirtear in iúl gach grúpa leithleach de na hurrúis chéanna agus gach cineál leithleach de na tráchtearraí céanna faoin gcomhaontú;
|
|
|
= an suíomh glan (deimhneach nó diúltach) i ngrúpa áirithe urrús l, nó grúpa áirithe tráchtearraí l, faoin gcomhaontú arna ríomh i gcomhréir le mír 2, pointe (a);
|
|
|
= an coigeartú luaineachta is iomchuí do ghrúpa áirithe urrús l, nó grúpa áirithe tráchtearraí l, arna chinneadh i gcomhréir le mír 2, pointe (c); cinnfear an comhartha mar a leanas:
(a)
beidh comhartha deimhneach aige i gcás ina mbeidh an grúpa urrús l arna iasachtú, arna dhíol faoi chomhaontú chun é a athcheannach nó arna idirbheartú ar bhealach comhchosúil le hiasachtú urrús nó le comhaontú athcheannaigh;
(b)
beidh comhartha diúltach aige i gcás ina mbeidh an grúpa urrús l arna fháil ar iasacht, arna cheannach faoi chomhaontú chun é a athdhíol nó arna idirbheartú ar bhealach comhchosúil le hiasachtaíocht urrús nó le comhaontú athcheannaigh droim ar ais;
|
|
N
|
= an líon iomlán grúpaí leithleacha de na hurrúis chéanna agus cineálacha leithleacha tráchtearraí faoin gcomhaontú; chun críocha an ríomha sin, ní áireofar na grúpaí agus na cineálacha sin dá bhfuil níos lú ná;
|
|
Egross
|
= oll-neamhchosaint an chomhaontaithe, arna ríomh mar a leanas:
|
.
|
|
Airteagal 220 4.
|
Ar mhaithe le méideanna
►C9
neahmchosanta ◄ a ualaíteara ualaítear ó thaobh
►C9
riosca ◄ agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh idirbheart athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh a chumhdaítear faoin máistir-chomhaontú glanluachála a ríomh, úsáidfidh institiúidí E* arna ríomh faoi mhír 3 mar luach
►C9
neahmchosanta ◄ na
►C9
neahmchosanta ◄ ar an gcontrapháirt a thagann as na hidirbhearta atá faoi réir an mháistir-chomhaontaithe glanluachála chun críocha Airteagal 113 faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó chun críocha Chaibidil 3 faoin gCur Chuige IRB.
|
|
Airteagal 220 5.
|
Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, ciallaíonn “grúpa urrús” urrúis a eisíonn an t-eintiteas céanna, urrúis ag a bhfuil an dáta eisiúna céanna, an aibíocht chéanna, atá faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha céanna, agus atá faoi réir na dtréimhsí leachtaithe céanna arna léiriú in Airteagail 224 agus 225, de réir mar is infheidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|