Airteagal 226
Coigeartú luaineachta a mhéadú ó scála faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
Is iad na coigeartuithe luaineachta a leagtar amach in Airteagal 224 na coigeartuithe luaineachta a chuirfidh institiúid i bhfeidhm i gcás ina ndéantar athluacháil laethúil. I gcás nach ndéantar an athluacháil gach lá, cuirfidh institiúidí coigeartuithe luaineachta níos mó i bhfeidhm. Ríomhfaidh institiúidí iad trí choigeartuithe luaineachta na hathluachála laethúla a mhéadú ó scála, ag úsáid na foirmle um fhréamh chearnach ama a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
H
|
= an coigeartú luaineachta atá le cur i bhfeidhm;
|
|
HM
|
= an coigeartú luaineachta i gcás ina ndéantar athluacháil laethúil;
|
|
NR
|
= líon iarbhír na laethanta gnó idir athluachálacha;
|
|
TM
|
= an tréimhse leachtaithe don chineál idirbhirt lena mbaineann.
|