+Airteagal 227 Coinníollacha maidir le coigeartú luaineachta 0 % a chur i bhfeidhm faoin modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
---+Airteagal 227 1.
---+Airteagal 227 2.
---+Airteagal 227 3.
|
Airteagal 227 Coinníollacha maidir le coigeartú luaineachta 0 % a chur i bhfeidhm faoin modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 227 1.
|
Na hinstitiúidí a úsáideann an Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta dá dtagraítear in Airteagal 224, maidir le hidirbhearta athcheannaigh agus idirbhearta maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht, féadfaidh siad coigeartú luaineachta 0 % in ionad na gcoigeartuithe luaineachta arna ríomh faoi Airteagail 224 agus 226 a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, pointí (a) go (h), den Airteagal seo. Ní úsáidfidh institiúidí a úsáideann cur chuige na samhla inmheánaí a leagtar amach in Airteagal 221 an láimhseáil a leagtar amach san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 227 2.
|
Féadfaidh institiúidí coigeartú luaineachta 0 % a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
Urrúis in airgead tirim nó urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtas láir nó ag bainc cheannais incháilithe is ea an
►C9
neamhchosaint ◄ agus an chomhthaobhacht de réir bhrí Airteagal 197(1)(b) agus cáilíonn siad
►C9
d'ualach riosca ◄ 0 % faoi Chaibidil 2;
(b)
tá an
►C9
neamhchosaint ◄ agus an chomhthaobhacht araon ainmnithe san airgeadra céanna;
(c)
ní faide ná lá amháin aibíocht an idirbhirt nó tá an
►C9
neamhchosaint ◄ agus an chomhthaobhacht araon faoi réir marcáil laethúil ón margadh nó ataisceadh laethúil;
(d)
ní faide ná ceithre lá gnó an tréimhse idir an mharcáil laethúil dheireanach ón margadh sular mhainnigh an contrapháirtí ataisceadh a déanamh agus leachtú na comhthaobhachta;
(e)
socraítear an t-idirbheart i gcóras socraíochta atá cruthaithe don chineál sin idirbhirt;
(f)
is é atá sa doiciméadacht ina gcuimsítear an comhaontú nó an t-idirbheart an doiciméadacht mhargaidh chaighdeánach le haghaidh idirbheart athcheannaigh nó idirbheart maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht laistigh de na hurrúis lena mbaineann;
(g)
tá an t-idirbheart faoi rialú ag doiciméadacht ina sonraítear gur féidir an t-idirbheart a fhoirceannadh láithreach i gcás ina mainníonn an contrapháirtí oibleagáid a chomhlíonadh maidir le hairgead tirim nó urrúis nó corrlach a sheachadadh nó má mhainníonn sé ar shlí eile;
(h)
measann na húdaráis inniúla gur príomhpháirtí sa mhargadh é an contrapháirtí.
|
|
Airteagal 227 3.
|
Áireofar ar na príomhpháirtithe sa mhargadh dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 2 na heintitis seo a leanas:
(a)
na heintitis atá luaite in Airteagal 197(1)(b),
►C9
neamhchosaintí ◄ dá sanntar
►C9
ualach riosca ◄ 0 % faoi Chaibidil 2;
▼M9
(ba)
gnólachtaí infheistíochta;
▼B
(c)
gnóthais airgeadais eile de réir bhrí phointe 25(b) agus phointe 25(d) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE a sanntar
►C9
ualach riosca ◄ 20 % do
►C9
neamhchosaintí ◄ orthu faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna
►C9
neamhchosanta ◄ a ualaítear ó thaobh
►C9
riosca ◄ agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh de réir an Chuir Chuige IRB, nach bhfuil measúnú creidmheasa acu ó IMCS aitheanta agus atá rátáilte go hinmheánach ag an institiúid.
(d)
GCanna rialáilte atá faoi réir riachtanais chaipitil nó luamhánachta;
(f)
eagraíochtaí aitheanta imréitigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|