+Section 1 Definitions and criteria for simple, transparent and standardised securitisations
---+Airteagal 242 Sainmhínithe
---+Airteagal 243 Critéir le haghaidh Urrúsuithe STC a cháilíonn do láimhseáil dhifreáilte caipitil
------+Airteagal 243 1.
------+Airteagal 243 2.

Section 1 Definitions and criteria for simple, transparent and standardised securitisations

Section 1 Definitions and criteria for simple, transparent and standardised securitisations

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 242 Sainmhínithe

Airteagal 242

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “céadrogha ar cheannach farasbairr” rogha chonarthach lena dtugtar cead don tionscnóir na suíomhanna urrúsúcháin a cheannach sula n-aisíocfar na risíochtaí urrúsaithe uile, cibé acu trí fhuíoll na risíochtaí foluiteacha a athcheannach i gcás urrúsuithe traidisiúnta nó tríd an gcosaint chreidmheasa a fhoirceannadh i gcás urrúsuithe sintéiseacha agus, sa dá chás sin, nuair a bheidh líon na risíochtaí foluiteacha gan íoc ar leibhéal áirithe réamhshonraithe nó faoina bhun;

(2) 

ciallaíonn “stráice feabhsaithe creidmheasa úis amháin” sócmhainn laistigh den chlár comhardaithe ar luacháil í ar shreafaí airgid atá gaolmhar le hioncam corrlaigh amach anseo agus ar tráinse is fo-ordaithe í san urrúsú;

(3) 

ciallaíonn “saoráid leachtachta” saoráid leachtachta mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(4) 

ciallaíonn “suíomh gan rátáil” suíomh urrúsúcháin nach ndearnadh measúnú creidmheasa incháilithe air i gcomhréir le Roinn 4;

(5) 

ciallaíonn “suíomh rátáilte” suíomh urrúsúcháin a ndearnadh measúnú creidmheasa incháilithe air i gcomhréir le Roinn 4;

(6) 

ciallaíonn “suíomh sinsearach urrúsúcháin” suíomh atá bunaithe nó urrúsaithe ag céadéileamh ar iomlán na risíochtaí foluiteacha, gan beann, chun na gcríoch seo, ar mhéideanna atá dlite faoi chonarthaí díorthach ráta úis nó airgeadra, táillí nó íocaíochtaí comhchosúla eile, agus gan beann ar aon difríocht in aibíocht le haon tráinse sinsearach eile (nó níos mó díobh) lena roinneann an suíomh sin caillteanais ar bhonn pro rata;

(7) 

ciallaíonn “comhthiomsú IRB” comhthiomsú de risíochtaí foluiteacha den chineál a bhfuil cead ag an institiúid Cur Chuige IRB a úsáid ina leith agus lenar féidir méideanna risíochtaí atá ualaithe de réir priacail a ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 i gcás na risíochtaí sin uile;

(8) 

ciallaíonn “comhthiomsú measctha” comhthiomsú de risíochtaí foluiteacha den chineál a bhfuil cead ag institiúid Cur Chuige IRB a úsáid ina leith agus lenar féidir méideanna risíochta atá ualaithe de réir priacail a ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 i gcás cuid de na risíochtaí ach ní i gcás na risíochtaí uile;

(9) 

ciallaíonn “ró-urrúsú comhthaobhach” aon chineál feabhsaithe creidmheasa lena bpostáiltear risíochtaí foluiteacha ar luach atá os cionn luach na suíomh urrúsúcháin;

(10) 

Ciallaíonn “urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe” nó “urrúsú STC” urrúsú a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2402 ;

(11) 

ciallaíonn “clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe” nó “clár ABCP” clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó clár ABCP mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(12) 

ciallaíonn “idirbheart páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP)” nó “idirbheart ABCP” idirbheart páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP) nó idirbheart ABCP mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 2 de Rialachán AE) 2017/2402;

(13) 

ciallaíonn “urrúsú traidisiúnta” urrúsú traidisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(14) 

ciallaíonn “urrúsú sintéiseach” urrúsú sintéiseach mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(15) 

ciallaíonn “risíocht imrothlach” risíocht imrothlach mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(16) 

ciallaíonn “foráil maidir le luathamúchadh” foráil maidir le luathamúchadh mar a shainmhínítear i bpointe 17 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(17) 

ciallaíonn “tráinse céadchaillteanais” tráinse céadchaillteanais mar a shainmhínítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(18) 

ciallaíonn “suíomh urrúsúcháin mezzanine” suíomh in urrúsú atá faoi réir an tsuímh urrúsúcháin shinsearaigh agus ar sinsearaí é ná an tráinse céadchaillteanais, agus atá faoi réir ualú priacail is ísle ná 1 250 % agus is airde ná 25 % i gcomhréir le Foroinn 2 agus Foroinn 3 de Roinn 3;

(19) 

ciallaíonn “eintiteas cur chun cinn” aon ghnóthas nó eintiteas a bhunaíonn rialtas láir, réigiúnach, nó áitiúil de chuid Ballstáit, a dheonaíonn iasachtaí cur chun cinn nó a dheonaíonn ráthaíochtaí cur chun cinn, agus arb é is príomhaidhm dó gan brabús a dhéanamh ná an sciar den mhargadh a uasmhéadú ach cuspóirí bheartas poiblí an rialtais sin a chur chun cinn, ar choinníoll, faoi réir rialacha Státchabhrach, go bhfuil oibleagáid ar an rialtas sin bonn eacnamaíoch an ghnóthais a chosaint agus a inmharthanacht a choinneáil ar feadh a shaoil, nó go ráthaíonn rialtas láir, réigiúnach nó áitiúil an Bhallstáit, go díreach nó go hindíreach, ar a laghad 90 % dá chaipiteal bunaidh nó dá chistiú bunaidh nó den iasacht cur chun cinn a dheonaíonn sé;

▼M13

(20) 

ciallaíonn “barrachas raoin difríochta shintéisigh” barrachas raoin difríochta shintéisigh mar a shainmhínítear i bpointe (29) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402.

▼M5

Airteagal 243 Critéir le haghaidh Urrúsuithe STC a cháilíonn do láimhseáil dhifreáilte caipitil -

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas