+Airteagal 245 Urrúsú sintéiseach
---+Airteagal 245 1.
---+Airteagal 245 2.
---+Airteagal 245 3.
---+Airteagal 245 4.
---+Airteagal 245 5.
---+Airteagal 245 6.

Airteagal 245 Urrúsú sintéiseach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 245 1.

Féadfaidh an institiúid tionscnóra a bhíonn ag urrúsú sintéiseach méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh, agus, nuair is iomchuí, méideanna caillteanais ionchasaigh i leith na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 251 agus le hAirteagal 252, i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá priacal creidmheasa suntasach aistrithe chuig tríú páirtithe trí chosaint chistithe chreidmheasa nó trí chosaint neamhchistithe chreidmheasa;

(b) 

cuireann an institiúid tionscnóra ualú priacail 1 250 % i bhfeidhm maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin go léir atá ina seilbh laistigh den urrúsú sin nó asbhaineann sí na suíomhanna urrúsúcháin sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1).

Airteagal 245 2.

Measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a) 

méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine atá i seilbh na hinstitiúide tionscnóra laistigh den urrúsú sin, ní sháraíonn siad 50 % de mhéideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine go léir atá ann laistigh den urrúsú sin;

(b) 

níl i seilbh na hinstitiúide tionscnóra níos mó ná 20 % de luach risíochta an tráinse céadchaillteanais san urrúsú, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i) 

tá an tionscnóir in ann a léiriú go sáraíonn luach risíochta an tráinse céadchaillteanais meastachán réasúnaithe ar an gcaillteanas ionchasach ar na risíochtaí foluiteacha faoi chorrlach suntasach;

(ii) 

ní ann d’aon suíomhanna urrúsúcháin mezzanine.

I gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú seo, féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh, agus iad ag meas gach cáis ar a fhiúntas féin, nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.

Airteagal 245 3.

De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla a ligean d’institiúidí tionscnóra aistriú creidmheasa shuntasaigh a aithint i ndáil le hurrúsú i gcás ina léiríonn an institiúid tionscnóra i ngach cás, go bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú ar cheanglais cistí dílse a bhaineann an tionscnóir amach leis an urrúsú. Ní fhéadfar cead a thabhairt ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an institiúid an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

tá beartais agus modheolaíochtaí leordhóthanacha inmheánacha bainistithe priacail ag an institiúid le haistriú an phriacail a mheasúnú;

(b) 

d’aithin an institiúid an t-aistriú priacail creidmheasa chuig tríú páirtithe i ngach cás ar mhaithe le bainistiú priacail inmheánaigh agus leithdháileadh caipitil inmheánaigh na hinstitiúide.

Airteagal 245 4.

Chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, comhlíonfar gach coinníoll díobh seo a leanas:

(a) 

léiríonn doiciméadacht an idirbhirt tábhacht eacnamaíoch an tsuímh urrúsúcháin;

(b) 

an chosaint chreidmheasa ar dá bua a aistrítear an priacal creidmheasa, comhlíonann sí Airteagal 249;

(c) 

níl téarmaí ná coinníollacha i ndoiciméadacht an urrúsúcháin lena ndéantar an méid seo a leanas:

(i) 

tairseacha ábharthachta suntasacha a fhorchur a meastar nár spreagadh cosaint chreidmheasa faoina mbun i gcás teagmhas creidmheasa;

(ii) 

foirceannadh na cosanta a cheadú mar gheall ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa na risíochtaí foluiteacha;

(iii) 

a cheangal ar an institiúid tionscnóra comhdhéanamh na risíochtaí foluiteacha a athrú chun meáncháilíocht an chomhthiomsaithe a fheabhsú; nó

(iv) 

costas cosanta creidmheasa na hinstitiúide nó an toradh is iníoctha le sealbhóirí suíomhanna laistigh den urrúsú a mhéadú mar fhreagairt ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa an chomhthiomsaithe fholuitigh;

(d) 

tá an chosaint chreidmheasa infhorghníomhaithe i ngach dlínse ábhartha;

(e) 

más infheidhme, is léir i ndoiciméadacht an idirbhirt nach bhféadfaidh an tionscnóir ná an t-urraitheoir suíomhanna urrúsúcháin a cheannach ná na risíochtaí foluiteacha a athcheannach, a athstruchtúrú ná a ionadú thar a n-oibleagáidí conarthacha i gcás ina ndéantar socruithe den sórt sin i gcomhréir le coinníollacha an mhargaidh atá i réim agus ina ngníomhaíonn na páirtithe lena mbaineann ar mhaithe leo féin mar pháirtithe saora neamhspleácha (ar neamhthuilleamaí);

(f) 

i gcás ina bhfuil céadrogha ar cheannach farasbairr ann, comhlíonann an rogha sin na coinníollacha uile seo a leanas:

(i) 

féadfar í a fheidhmiú de rogha na hinstitiúide tionscnóra;

(ii) 

ní fhéadfar í a fheidhmiú ach amháin nuair atá 10 % nó níos lú de luach bunaidh na risíochtaí foluiteacha fós gan amúchadh;

(iii) 

níl sí struchtúraithe ionas nach leithdháilfear caillteanais ar shuíomhanna feabhsaithe creidmheasa ná ar shuíomhanna eile atá i seilbh infheisteoirí san urrúsú agus níl sí struchtúraithe ar chaoi eile chun feabhsú creidmheasa a sholáthar;

(g) 

tá tuairim faighte ag an institiúid tionscnóra ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-urrúsú na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (d) den mhír seo;

Airteagal 245 5.
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi na cásanna sin inar chinn siad nach raibh bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe i gcomhréir le mír 2, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail, agus faoi na cásanna inar roghnaigh institiúidí mír 3 a chur i bhfeidhm.
Airteagal 245 6.

Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas maoirseachta i ndáil le haistriú priacail shuntasaigh in urrúsuithe sintéiseacha a aithint i gcomhréir leis an Airteagal seo. Go háirithe, déanfaidh ÚBE athbhreithniú:

(a) 

ar na coinníollacha maidir le haistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4;

(b) 

ar an léiriú ar “aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe” chun críocha mheasúnú na n-údarás inniúil dá bhforáiltear sa dara fomhír de mhír 2 agus i mír 3; agus

(c) 

ar na ceanglais le haghaidh mheasúnú na n-údarás inniúil ar idirbhearta urrúsúcháin a n-iarrann an tionscnóir aitheantas ar aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe ina leith i gcomhréir le mír 2 nó mír 3.

Cuirfidh ÚBE na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis an tuarascáil ó ÚEB a chur san áireamh, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, mar fhorlíonadh ar an Rialachán seo, trí shonrú breise a dhéanamh ar na hítimí a liostaítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas