+Airteagal 249 Maolú priacail creidmheasa a aithint le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin
---+Airteagal 249 1.
---+Airteagal 249 2.
---+Airteagal 249 3.
---+Airteagal 249 4.
---+Airteagal 249 5.
---+Airteagal 249 6.
---+Airteagal 249 7.
---+Airteagal 249 8.
---+Airteagal 249 9.
---+Airteagal 249 10.

Airteagal 249 Maolú priacail creidmheasa a aithint le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 249 1.
Féadfaidh institiúid cosaint chistithe nó neamhchistithe chreidmheasa a aithint i ndáil le suíomh urrúsúcháin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais maidir le maolú priacail creidmheasa a leagtar síos sa Chaibidil seo agus i gCaibidil 4.
Airteagal 249 2.
Níl i gcosaint chistithe chreidmheasa incháilithe ach comhthaobhacht airgeadais atá incháilithe chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoi Chaibidil 2 mar a leagtar síos faoi Chaibidil 4 agus beidh aithint mhaolú an phriacail creidmheasa faoi réir chomhlíonadh na gceanglas ábhartha mar a leagtar síos faoi Chaibidil 4.

Maidir le cosaint neamhchistithe creidmheasa agus soláthraithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa, ní bheidh ach na daoine sin atá incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4 incháilithe agus beidh aithint mhaolú an phriacail creidmheasa faoi réir chomhlíonadh na gceanglas ábhartha mar a leagtar síos faoi Chaibidil 4.

Airteagal 249 3.
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh measúnú creidmheasa sannta ag institiúid sheachtrach um measúnú creidmheasa (IMCS) aitheanta do sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa a liostaítear i bpointe (g) d’Airteagal 201(1), arbh é a bhí ann céim cháilíochta 2 nó os a cionn tráth a aithníodh an chosaint chreidmheasa den chéad uair agus arb é atá ann faoi láthair céim cháilíochta 3 nó os a cionn.

Féadfaidh institiúidí a ligtear dóibh an Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm maidir le risíocht dhíreach ar sholáthraí na cosanta incháilitheacht a mheasúnú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír bunaithe ar dhóchúlacht mhainneachtana (PD) sholáthraí na cosanta a bheith coibhéiseach leis an PD a bhaineann leis na céimeanna cáilíochta creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 136.

Airteagal 249 4.

De mhaolú ar fhomhír 2, beidh SSPEnna ina soláthraithe cosanta incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leanas:

(a) 

tá sócmhainní ag SSPE a cháilíonn mar chomhthaobhacht airgeadais incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4;

(b) 

níl na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) faoi réir éilimh ná éilimh theagmhasacha a bhfuil réamhthosaíocht acu ar éileamh nó éileamh teagmhasach na hinstitiúide a fhaigheann cosaint chreidmheasa neamhchistithe, nó atá pari passu leis; agus

(c) 

comhlíontar na ceanglais uile maidir le haithint comhthaobhachta airgeadais a leagtar amach i gCaibidil 4.

Airteagal 249 5.
Chun críocha mhír 4, ní bheidh i méid na cosanta coigeartaithe i leith aon neamhréir airgeadra agus aibíochta (Ga) i gcomhréir le Caibidil 4 ach margadhluach na sócmhainní sin arna choigeartú de réir luaineachta agus déanfar ualú priacail na risíochtaí ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear faoin gCur Chuige Caighdeánaithe (g) a chinneadh mar an t-ualú meánphriacal ualaithe a mbeadh feidhm aige maidir leis na sócmhainní sin mar chomhthaobhacht airgeadais faoin gCur Chuige Caighdeánaithe.
Airteagal 249 6.

I gcás ina bhfuil cosaint chreidmheasa iomlán nó cosaint chreidmheasa pháirteach ar bhonn pro-rata ag suíomh urrúsúcháin, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfaidh an institiúid a sholáthraíonn cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don chion sin den suíomh urrúsúcháin atá ag fáil cosaint chreidmheasa i gcomhréir le Foroinn 3 amhail is go raibh an cion sin den suíomh sin ina seilbh dhíreach féin;

(b) 

ríomhfaidh an institiúid a bheidh ag ceannach cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcomhréir le Caibidil 4 don chion chosanta.

Airteagal 249 7.

I ngach cás nach gcumhdaítear le mír 6, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a) 

láimhseálfaidh an institiúid a sholáthraíonn cosaint chreidmheasa an cion den suíomh atá ag fáil cosaint chreidmheasa mar shuíomh urrúsúcháin agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail amhail is go raibh an suíomh ina seilbh dhíreach féin i gcomhréir le Foroinn 3, faoi réir mhíreanna 8, 9 agus 10;

(b) 

déanfaidh an institiúid a bheidh ag ceannach cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don chion den suíomh atá cosanta dá dtagraítear i bpointe (a) i gcomhréir le Caibidil 4. Maidir leis an gcion den suíomh urrúsúcháin nach bhfaigheann cosaint chreidmheasa, láimhseálfaidh an institiúid é mar shuíomh urrúsúcháin ar leith agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcomhréir le Foroinn 3, faoi réir mhír 8, mhír 9 agus mhír 10.

Airteagal 249 8.
Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha (SEC-IRBA) nó nó an Cur Chuige Caighdeánaithe (SEC-SA) faoi Fhoroinn 3 an pointe ceangaltáin (A) agus an pointe dí-astaithe (D) a chinneadh ar leithligh i gcás gach suímh arna dhíorthú i gcomhréir le mír 7 amhail is gur eisíodh iad mar shuíomhanna urrúsúcháin ar leithligh tráth ar tionscnaíodh an t-idirbheart. Ríomhfar luach KIRB nó KSA, faoi seach, agus comhthiomsú bunaidh risíochtaí foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin á chur san áireamh.
Airteagal 249 9.

Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Seachtracha (SEC-ERBA) faoi Fhoroinn 3 le haghaidh an tsuímh urrúsúcháin bunaidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh do na suíomhanna a dhíorthaítear i gcomhréir le mír 7 mar seo a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil sinsearacht níos airde ag an suíomh díorthaithe, sannfar ualú priacail an tsuímh urrúsúcháin bunaidh dó;

(b) 

i gcás ina bhfuil sinsearacht níos ísle ag an suíomh díorthaithe, féadfar rátáil atá bunaithe ar thátal a shannadh dó i gcomhréir le hAirteagal 263(7). Ríomhfar tiús ionchur T sa chás sin ar bhonn an tsuímh díorthaithe amháin. I gcás nach bhfuil rátáil bunaithe ar thátal ann, féadfaidh an institiúid an t-ualú priacail is airde a chur i bhfeidhm de thoradh ceachtar acu seo a leanas:

(i) 

SEC-SA a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 8 agus Foroinn 3; nó

(ii) 

ualú priacail an tsuímh urrúsúcháin bunaidh faoi SEC-ERBA.

Airteagal 249 10.
Maidir leis an suíomh díorthaithe le sinsearacht níos ísle, déanfar é sin a láimhseáil mar shuíomh urrúsúcháin neamhshinsearach fiú má cháilíonn an suíomh urrúsúcháin bunaidh roimh chosaint mar shuíomh urrúsúcháin sinsearach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas