+Airteagal 250 Tacaíocht intuigthe
---+Airteagal 250 1.
---+Airteagal 250 2.
---+Airteagal 250 3.
---+Airteagal 250 4.
---+Airteagal 250 5.

Airteagal 250 Tacaíocht intuigthe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 250 1.
Institiúid is urraitheoir, nó institiúid tionscnóra a bhain úsáid as Airteagal 247(1) agus (2) maidir le hurrúsú le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh nó a bhfuil ionstraimí óna leabhar trádála díolta aici sa chaoi is nach gceanglaítear uirthi a thuilleadh cistí dílse a shealbhú maidir le priacail na n-ionstraimí sin, ní thabharfaidh sí tacaíocht, go díreach nó go hindíreach, don urrúsú thar a hoibleagáidí conarthacha ar mhaithe le caillteanais fhéideartha nó iarbhír a laghdú d’infheisteoirí.
Airteagal 250 2.

Ní mheasfar go bhfuil idirbheart ina thacaíocht chun críocha mhír 1 i gcás inar cuireadh an t-idirbheart san áireamh go hiomchuí agus aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh á mheasúnú agus go ndearna an dá pháirtí an t-idirbheart agus iad ag gníomhú ar a leas féin mar pháirtithe saora neamhspleácha (ar neamhthuilleamaí). Chun na gcríoch sin, tabharfaidh an institiúid faoi athbhreithniú creidmheasa iomlán ar an idirbheart agus, ar a laghad, cuirfidh sí na hítimí seo a leanas san áireamh:

(a) 

an praghas athcheannaigh;

(b) 

suíomh caipitil agus leachtachta na hinstitiúide roimh an athcheannach agus ina dhiaidh;

(c) 

feidhmiú na risíochtaí foluiteacha;

(d) 

feidhmiú na suíomhanna urrúsúcháin;

(e) 

tionchar na tacaíochta ar na caillteanais a mheastar a thabhóidh an tionscnóir i gcomparáid leis na hinfheisteoirí.

Airteagal 250 3.
Tabharfaidh an institiúid tionscnóra agus an institiúid is urraitheoir fógra don údarás inniúil i leith aon idirbheart a rinneadh i ndáil leis an urrúsú i gcomhréir le mír 2.
Airteagal 250 4.
Déanfaidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte a eisiúint faoina bhfuil i gceist le “ar neamhthuilleamaí” chun críocha an Airteagail seo agus na n-imthosca nach bhfuil idirbheart ina idirbheart struchtúrtha chun tacaíocht a sholáthar.
Airteagal 250 5.

Má mhainníonn institiúid tionscnóra nó institiúid is urraitheoir mír 1 a chomhlíonadh maidir le hurrúsú, áireoidh an institiúid risíochtaí uile an tsuímh urrúsúcháin sin ina ríomh ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail amhail is nár urrasaíodh riamh iad agus nochtfaidh sí:

(a) 

gur thug sí tacaíocht don suíomh urrúsúcháin agus mír 1 á sárú aici; agus

(b) 

tionchar na tacaíochta a soláthraíodh ó thaobh ceanglais cistí dílse.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas