+Airteagal 267 Ualú priacail uasta le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin shinsearacha: Cur chuige an trébhreathnaithe
---+Airteagal 267 1.
---+Airteagal 267 2.
---+Airteagal 267 3.
---+Airteagal 267 4.
|
Airteagal 267 Ualú priacail uasta le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin shinsearacha: Cur chuige an trébhreathnaithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 267 1.
|
Féadfaidh institiúid, a bhfuil comhdhéanamh na risíochtaí foluiteacha ar eolas aici an t-am ar fad, ualú priacail uasta a shannadh don suíomh urrúsúcháin sinsearach atá cothrom leis an meánualú priacail atá ualaithe ó thaobh risíochta a bheadh infheidhme maidir leis na risíochtaí foluiteacha amhail is nach ndearnadh na risíochtaí foluiteacha sin a urrúsú.
|
|
Airteagal 267 2.
|
I gcás comhthiomsuithe risíochtaí foluiteacha nach mbaineann an institiúid úsáid ach as an gCur Chuige Caighdeánaithe nó as an gCur Chuige IRB ina leith, beidh ualú priacail uasta an tsuímh urrúsúcháin shinsearaigh cothrom leis an meánualú priacail atá ualaithe ó thaobh risíochta a bheadh i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí foluiteacha faoi Chaibidil 2 nó faoi Chaibidil 3, faoi seach, amhail is nach ndearnadh iad a urrúsú. I gcás comhthiomsuithe measctha, déanfar an t-ualú priacail uasta a ríomh mar seo a leanas:
(a)
i gcás ina gcuirfidh an institiúid SEC-IRBA i bhfeidhm, sannfar ualú priacail an Chur Chuige Chaighdeánaithe agus ualú priacail an Chur Chuige IRB do chion an Chur Chuige Chaighdeánaithe agus do chion an Chur Chuige IRB den chomhthiomsú foluiteach faoi seach;
(b)
i gcás ina gcuirfidh an institiúid SEC-SA nó SEC-ERBA i bhfeidhm, beidh an t-ualú priacail uasta do shuíomhanna urrúsúcháin sinsearacha cothrom leis an ualú priacail meánualaithe faoin gCur Chuige Caighdeánaithe atá ag na risíochtaí foluiteacha.
|
|
Airteagal 267 3.
|
Chun críocha an Airteagail seo, san áireamh leis an ualú priacail a bheadh infheidhme faoin gCur Chuige IRB i gcomhréir le Caibidil 3, beidh cóimheas idir:
(a)
na caillteanais ionchasacha iolraithe faoi 12.5, agus
(b)
luach risíochta na risíochtaí foluiteacha.
|
|
Airteagal 267 4.
|
I gcás ina mbeidh an t-ualú priacail uasta ríofa i gcomhréir le mír 1 níos lú ná na hualuithe priacail íosta a leagtar amach in Airteagal 259 go hAirteagal 264, de réir mar is infheidhme, bainfear úsáid as an ualú priacail níos lú sin seachas an t-ualú priacail íosta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|