+Airteagal 269a Láimhseáil urrúsuithe risíochtaí neamhthuillmheacha (NPE)
---+Airteagal 269a 1.
---+Airteagal 269a 2.
---+Airteagal 269a 3.
---+Airteagal 269a 4.
---+Airteagal 269a 5.
---+Airteagal 269a 6.
---+Airteagal 269a 7.

Airteagal 269a Láimhseáil urrúsuithe risíochtaí neamhthuillmheacha (NPE)

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 269a 1.

Chun críocha an Airteagail seo:

(a) 

ciallaíonn “urrúsú NPE” urrúsú risíochta neamhthuillmhí (NPE) mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(b) 

ciallaíonn “urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE” urrúsú traidisiúnta NPE i gcás inarb ionann an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha agus 50 % ar a laghad de mhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha tráth a aistríodh iad chuig SSPE.

Airteagal 269a 2.
Déanfar an t-ualach priacail maidir le suíomh in urrúsú NPE a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 254 nó 267. Beidh an t-ualach priacail faoi réir íosteorainn 100 %, seachas nuair a chuirtear Airteagal 263 i bhfeidhm.
Airteagal 269a 3.
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, sannfaidh institiúidí ualach priacail 100 % don suíomh urrúsúcháin sinsearach in urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE, seachas nuair a chuirtear Airteagal 263 i bhfeidhm.
Airteagal 269a 4.
Institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB i bhfeidhm maidir le haon risíochtaí i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le Caibidil 3 agus nach gceadaítear dóibh a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid le haghaidh na risíochtaí sin, ní dhéanfaidh siad SEC-IRBA a úsáid chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal de a ríomh le haghaidh suíomh in urrúsú NPE agus ní chuirfidh siad mír 5 ná mír 6 i bhfeidhm.
Airteagal 269a 5.
Chun críocha Airteagal 268(1), cuirfear caillteanais ionchasacha a bhaineann le risíochtaí a fholuíonn urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE san áireamh i ndiaidh an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a asbhaint agus, i gcás inarb infheidhme, aon choigeartú sonrach breise i leith priacal creidmheasa a asbhaint.

Déanfaidh institiúidí an ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

i gcás:

CRmax

=

an ceanglas caipitil uasta i gcás urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE;

RWEAIRB

=

suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

ELIRB

=

suim mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

NRPPD

=

an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha;

EVIRB

=

suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

EVPool

=

suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha uile sa chomhthiomsú;

SCRAIRB

=

i gcás institiúidí tionscnóra, na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa arna ndéanamh ag an institiúid i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha sin atá faoi réir Chur Chuige IRB ach amháin má sháraíonn na coigeartuithe sin NRPPD agus a mhéid a sháraíonn siad é sa chás sin; i gcás institiúidí infheisteora, is é nialas an méid;

RWEASA

=

suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe.

Airteagal 269a 6.
De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil an meánualú priacail a ualaítear ó thaobh risíochta de arna ríomh i gcomhréir le cur chuige na trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 267 níos ísle ná 100 %, féadfaidh institiúidí an t-ualach priacail níos ísle a chur i bhfeidhm, faoi réir íosteorainn ualaigh priacail 50 %.

Chun críocha na chéad fhomhíre, institiúidí tionscnóra a chuireann SEC-IRBA i bhfeidhm maidir le suíomh agus a gceadaítear dóibh a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid le haghaidh na risíochtaí foluiteacha ar fad atá faoi réir Chur Chuige IRB i gcomhréir le Caibidil 3, déanfaidh siad an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha agus, i gcás inarb infheidhme, aon choigeartú sonrach breise i leith priacal creidmheasa a bhaint as na caillteanais ionchasacha agus luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha a bhaineann le suíomh sinsearach in urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE de réir na foirmle seo a leanas:

i gcás:

RWmax

=

an t-ualach priacail, sula gcuirfear an íosteorainn i bhfeidhm, is infheidhme maidir le suíomh sinsearach in urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE nuair a úsáidtear cur chuige na trédhearcachta;

RWEAIRB

=

suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

RWEASA

=

suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe;

ELIRB

=

suim mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

NRPPD

=

an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha;

EVIRB

=

suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

EVpool

=

suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha uile sa chomhthiomsú;

EVSA

=

suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe;

SCRAIRB

=

na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa arna ndéanamh ag an institiúid tionscnóra i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB ach amháin má sháraíonn na coigeartuithe sin NRPPD agus a mhéid a sháraíonn siad é sa chás sin

Airteagal 269a 7.

Chun críocha an Airteagail seo, déanfar an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a ríomh tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (b) a bhaint ón méid dá dtagraítear i bpointe (a):

(a) 

an méid gan íoc de risíochtaí foluiteacha maidir le hurrúsú NPE ag an uair a aistríodh na risíochtaí sin chuig an eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE);

(b) 

suim na nithe seo a leanas:

(i) 

praghas díola tosaigh na dtráinsí nó, i gcás inarb infheidhme, codanna de thráinsí maidir le hurrúsú NPE a dhíoltar le hinfheisteoirí tríú páirtí; agus

(ii) 

méid gan íoc na dtráinsí, ag an uair a aistríodh na risíochtaí foluiteacha chuig SSPE, nó, i gcás inarb infheidhme, méid gan íoc codanna de thráinsí an urrúsaithe sin atá ina sheilbh ag an tionscnóir.

Chun críocha mhíreanna 5 agus 6, i rith shaolré an idirbhirt, déanfar ríomh na lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a choigeartú anuas, agus na caillteanais réadaithe á gcur san áireamh. Déanfaidh aon laghdú ar mhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha a thagann as caillteanais réadaithe an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a laghdú, faoi réir íosteorainn nialais.

I gcás ina ndéanfar lascaine a struchtúrú sa chaoi gur féidir í a aisíoc go hiomlán nó go páirteach leis an tionscnóir, ní áireofar an lascaine sin mar lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha chun críocha an Airteagail seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas