+Airteagal 270 Suíomhanna sinsearacha in urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe
---+Airteagal 270 1.
---+Airteagal 270 2.
---+Airteagal 270 3.
---+Airteagal 270 4.
|
Airteagal 270 Suíomhanna sinsearacha in urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 270 1.
|
Na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de shuíomh urrúsúcháin in urrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 26a(1) de Rialachán (AE) 2017/2402, féadfaidh institiúid tionscnóra na méideanna sin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 260, 262 nó 264 den Rialachán seo, de réir mar is infheidhme, i gcás ina gcomhlíonann an suíomh sin an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
go gcomhlíontar leis an urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 243(2);
(b)
go gcáilíonn an suíomh mar an suíomh urrúsúcháin sinsearach.
|
|
Airteagal 270 2.
|
Déanfaidh ÚBE faireachán ar chur i bhfeidhm mhír 1, go háirithe i ndáil leis an méid seo a leanas:
(a)
méid margaidh agus sciar margaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe a gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm ina leith ar fud aicmí éagsúla sócmhainní;
(b)
leithdháileadh breathnaithe na gcaillteanas ar an tráinse sinsearach agus ar thráinsí eile d’urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, i gcás ina gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm i leith an tsuímh shinsearaigh atá ann in urrúsuithe den sórt sin;
(c)
tionchar chur i bhfeidhm mhír 1 ar luamhánú na n-institiúidí;
(d)
tionchar na húsáide a bhaintear as urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, ar urrúsuithe iad a gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm ina leith maidir le hionstraimí caipitil a bheith á n-eisiúint ag na hinstitiúidí tionscnóra faoi seach.
|
|
Airteagal 270 3.
|
Cuirfidh ÚBE tuarascáil ar na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Aibreán 2023.
|
|
Airteagal 270 4.
|
Faoin 10 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 3, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, ina dtabharfar aird ar leith ar an bpriacal luamhánaithe iomarcaigh a thagann as úsáid a bhaint as urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe atá incháilithe le haghaidh na láimhseála i gcomhréir le mír 1 agus ionstraimí caipitil a bheith á n-eisiúint ag na hinstitiúidí tionscnóra tríd an úsáid sin, agus ar an ionadú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an eisiúint sin. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|