+Airteagal 273 Modhanna chun luach na►C9neamhchosanta◄a ríomh
---+Airteagal 273 1.
---+Airteagal 273 2.
---+Airteagal 273 3.
---+Airteagal 273 4.
---+Airteagal 273 5.
---+Airteagal 273 6.
---+Airteagal 273 7.
---+Airteagal 273 8.
---+Airteagal 273 9.
|
Airteagal 273 Modhanna chun luach na►C9neamhchosanta◄a ríomh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 273 1.
|
►M17
Ríomhfaidh institiúidí luach neamhchosanta na gconarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus na ndíorthach creidmheasa, cé is moite de na díorthaigh chreidmheasa dá dtagraítear i míreanna 3 agus 5 den Airteagal seo, ar bhonn ceann de na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 6 i gcomhréir leis an Airteagal seo. ◄
Ní úsáidfidh institiúid nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a (1) an modh a leagtar amach i Roinn 4. Ní úsáidfidh institiúid nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a (2) an modh a leagtar amach i Roinn 5. Féadfaidh institiúidí na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 6 a úsáid i dteaglaim ar bhonn buan laistigh de ghrúpa. Ní dhéanfaidh institiúid aonair, ar bhonn buan, na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 a úsáid i dteaglaim.
|
|
Airteagal 273 2.
|
Féadfaidh institiúid luach na
►C9
neamhchosanta ◄ a chinneadh maidir leis na hítimí seo a leanas ag baint úsáide as Modh na Samhla Inmheánaí a leagtar amach i Roinn 6 sa chás ina gceadaíonn na húdaráis inniúla é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 283(1) agus (2):
(a)
na conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II;
(b)
idirbhearta athcheannaigh;
(c)
idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht;
(d)
idirbhearta iasachta corrlaigh;
(e)
idirbhearta socraíochta iarchurtha.
|
|
Airteagal 273 3.
|
Má cheannaíonn institiúid cosaint trí dhíorthach creidmheasa i gcoinne
►C9
neamhchosanta ◄ ar leabhar neamhthrádála nó i gcoinne
►C9
neamhchosanta ◄ ar
►C9
riosca ◄ an chontrapháirtí, féadfaidh sí a ceanglas cistí dílse féin don
►C9
neamhchosaint fhálaithe ◄ a ríomh i gcomhréir le ceachtar díobh seo a leanas:
▼M17
(b)
i gcomhréir le hAirteagal 183, i gcás inar tugadh cead i gcomhréir le hAirteagal 143.
▼B
Nialas a bheidh i luach na
►C9
neamhchosanta ◄ le haghaidh CCR i gcás na ndíorthach creidmheasa sin, ach amháin má chuireann institiúidí cur chuige (ii) i bpointe (h) d'Airteagal 299(2) i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 273 4.
|
D'ainneoin mhír 3, féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gach díorthach creidmheasa nach bhfuil san áireamh sa leabhar trádála, agus a ceannaíodh mar chosaint i gcoinne
►C9
neamhchosanta ◄ ar leabhar neamhthrádála nó i gcoinne
►C9
neamhchosanta ◄ ar
►C9
riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí, a chur san áireamh go comhsheasmhach ar mhaithe le ceanglais cistí dílse do
►C9
riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí a ríomh, i gcás ina n-aithnítear an chosaint chreidmheasa faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 273 5.
|
I gcás ina láimhseálann institiúid babhtálacha mainneachtana creidmheasa arna ndíol ag institiúid mar chosaint chreidmheasa arna sholáthar ag an institiúid sin agus go bhfuil siad faoi réir ag ceanglas cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ creidmheasa den ionstraim fholuiteach don mhéid barúlach iomlán, beidh luach na
►C9
neamhchosanta ◄ cothrom le nialas chun críocha CCR sa leabhar neamhthrádála.
|
|
Airteagal 273 6.
|
Faoi gach modh a leagtar amach i Ranna 3 go 6, beidh luach na
►C12
neamhchosainta ◄ le haghaidh contrapháirtí áirithe cothrom le suim na luachanna
►C12
neamhchosainta ◄ arna ríomh do gach tacar glanluachála leis an gcontrapháirtí sin. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbeidh feidhm ag comhaontú corrlaigh amháin maidir le tacair ghlanluachála iomadúla leis an gcontrapháirtí sin agus i gcás ina mbeidh ceann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 á úsáid ag an institiúid chun luach
►C12
neamhchosainta ◄ na dtacar glanluachála sin a ríomh, déanfar luach na
►C12
neamhchosainta ◄ a ríomh i gcomhréir leis an Roinn ábhartha. Le haghaidh contrapháirtí faoi leith, beidh luach na
►C12
neamhchosainta ◄ le haghaidh tacar glanluachála áirithe d'ionstraimí díorthacha thar an gcuntar a liostaítear in Iarscríbhinn II arna ríomh i gcomhréir leis an gCaibidil seo cothrom leis an gceann is mó idir nialas agus an difríocht idir suim na luachanna
►C12
neamhchosainta ◄ thar gach tacar glanluachála leis an gcontrapháirtí agus suim na gcoigeartuithe luachála creidmheasa don chontrapháirtí sin arna aithint ag an institiúid mar dhíluacháil thabhaithe. Déanfar na coigeartuithe luachála creidmheasa a ríomh gan aon choigeartuithe luachála dochair fhritháirimh a chur san áireamh a thugtar do
►C12
riosca ◄ creidmheasa na gnólachta airgeadais féin atá eisiata cheana ó chistí dílse i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 33(1).
|
|
Airteagal 273 7.
|
Agus luach na
►C12
neamhchosainta ◄ á ríomh acu i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i Ranna 3, 4 agus 5, féadfaidh institiúidí dhá chonradh dhíorthacha thar an gcuntar ar lánmheaitseálacha iad agus a áirítear sa chomhaontú glanluachála céanna a láimhseáil mar chonradh singil ag a bhfuil príomhshuim bharúlach atá cothrom le nialas. Chun críocha na chéad fhomhíre, measfar gur lánmheaitseálacha dhá chonradh dhíorthacha thar an gcuntar i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go bhfuil a suíomhanna
►C12
riosca ◄ urchomhaireach i leith a chéile;
(b)
gur comhionann na gnéithe atá acu cé is moite den dáta trádála;
(c)
go bhfritháiríonn a sreabha airgid a chéile.
|
|
Airteagal 273 8.
|
Déanfaidh institiúidí luach
►C12
neamhchosainta ◄ na
►C12
neamhchosaint ◄ a thagann as idirbhearta socraíochta iarchurtha a chinneadh trí aon cheann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6, beag beann ar an modh atá roghnaithe ag an institiúid chun díorthaigh thar an gcuntar agus idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí agus idirbhearta iasachta corrlaigh a láimhseáil. Agus ceanglais cistí dílse á ríomh le haghaidh idirbhearta socraíochta iarchurtha, féadfaidh institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 3 ualuithe
►C12
riosca ◄ a shannadh faoin gcur chuige a leagtar amach i gCaibidil 2 ar bhonn buan agus beag beann ar ábharthacht na suíomhanna sin.
|
|
Airteagal 273 9.
|
I dtaca leis na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 den Chaibidil seo, láimhseálfaidh institiúidí idirbhearta ina ndearnadh
►C12
Sainriosca Comhghaolmhaireachta ◄ a aithint i gcomhréir le hAirteagal 291(2), (4), (5), agus (6).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|