+Airteagal 279b 1.

Airteagal 279b 1.

Ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar leanas:

(a) 

maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ ráta úis nó an catagóir ►C12  riosca ◄ creidmheasa, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar thoradh mhéid barúlach an chonartha dhíorthaigh agus fhachtóir na marthanachta maoirseachta, a ríomhfar mar leanas:

▼C8

image

▼C7

nuair:

R

=

an ráta lascaine maoirseachta; R = 5 %;

S

=

an tréimhse idir dáta tosaigh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe, arna sloinneadh i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; agus

E

=

an tréimhse idir dáta deiridh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe, arna sloinneadh i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre..

▼M8

Is é dáta tosaigh idirbhirt an dáta is luaithe ar a ndéantar ar a laghad íocaíocht chonarthach faoin idirbheart, leis an institiúid nó as an institiúid, a shocrú nó a mhalartú, seachas na híocaíochtaí a bhaineann le malartú comhthaobhacha i gcomhaontú corrlaigh. I gcás ina raibh íocaíochtaí á socrú nó á ndéanamh faoin idirbheart ar an dáta tuairiscithe cheana féin, beidh dáta tosaigh an idirbhirt cothrom le 0.

I gcás ina bhfuil aon dáta conarthach nó níos mó dátaí conarthacha sa todhchaí i gceist leis an idirbheart, ar a bhféadfaidh an institiúid nó an contrapháirtí a chinneadh an t-idirbheart a fhoirceannadh roimh dháta a aibíochta conarthaí, beidh dáta tosaigh an idirbhirt cothrom leis an gceann is luaithe díobh seo a leanas:

(i) 

an dáta nó an ceann is luaithe de dhátaí éagsúla sa todhchaí ar a bhféadfaidh an institiúid nó an contrapháirtí a chinneadh idirbheart a fhoirceannadh níos luaithe ná dáta a aibíochta conarthaí;

(ii) 

an dáta ar a dtosaítear ar íocaíochtaí a shocrú nó a dhéanamh le hidirbheart, seachas íocaíochtaí a bhaineann le malartú comhthaobhachta i gcomhaontú corrlaigh.

I gcás ina bhfuil ionstraim airgeadais ag idirbheart mar an bhunionstraim a d'fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha sin an idirbhirt, cinnfear dáta tosaigh idirbhirt ar bhonn an dáta is luaithe ar a dtosaítear ar íocaíochtaí a shocrú nó a dhéanamh leis an mbunionstraim.

Is é dáta deiridh idirbhirt an dáta is déanaí ar a ndéantar íocaíocht chonarthach faoin idirbheart sin, leis an institiúid nó as an institiúid, nó an dáta is déanaí ar a bhféadtar an íocaíocht sin a dhéanamh.

I gcás ina bhfuil ionstraim airgeadais ag idirbheart mar bhunionstraim a d'fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha sin an idirbhirt, cinnfear dáta deiridh an idirbhirt ar bhonn na híocaíochta conarthaí deireanaí a dhéanfar i leith bhunionstraim an idirbhirt.

I gcás idirbheart atá struchtúraithe chun ►C12  neamhchosaint ◄ gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus i gcás inar athshocraíodh na téarmaí sa chaoi gur nialas é margadhluach an idirbhirt ar na dátaí sonraithe sin, measfar gur íocaíocht chonarthach faoin idirbheart céanna é socrú na ►C12  neamhchosainta ◄ gan íoc ar na dátaí sonraithe sin;

(b) 

maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ malairte eachtraí, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar leanas:

(i) 

nuair is aon chuid d'íocaíocht amháin a bheidh i gceist leis an idirbheart, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe méid barúlach an chonartha dhíorthaigh;

(ii) 

nuair is dhá chuid d'íocaíocht a bheidh i gceist leis an idirbheart agus méid barúlach cuid d'íocaíocht amháin díobh sin ainmnithe in airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe méid barúlach na coda d'íocaíocht eile;

(iii) 

nuair is dhá chuid d'íocaíocht a bheidh i gceist leis an idirbheart agus méid barúlach an dá chuid d'íocaíocht ainmnithe in airgeadra eile seachas airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe an ceann is mó de mhéideanna barúlacha an dá chuid d'íocaíocht tar éis na méideanna sin a thiontú go hairgeadra tuairiscithe na hinstitiúide de réir an spotráta malairte atá i réim;

(c) 

maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ cothromais nó ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ tráchtearraí, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe trí phraghas margaidh aon aonad amháin de bhunionstraim an idirbhirt a iolrú faoi líon na n-aonad sa bhunionstraim atá faoi thagairt ag an idirbheart;

i gcás ina ndéantar idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ cothromais nó ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ tráchtearraí a shloinneadh, de réir conartha, mar mhéid barúlach, úsáidfidh institiúidí méid barúlach an idirbhirt seachas líon na n-aonad sa bhunionstraim, mar an méid barúlach coigeartaithe;

(d) 

i gcás idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ eile, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe ar bhonn an mhodha is iomchuí i measc na modhanna a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c), ag brath ar chineál agus ar shaintréithe bhunionstraim an idirbhirt.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas