+Airteagal 279b Méid barúlach coigeartaithe
---+Airteagal 279b 1.
---+Airteagal 279b 2.
---+Airteagal 279b 3.

Airteagal 279b Méid barúlach coigeartaithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 279b 1.

Ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar leanas:

(a) 

maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ ráta úis nó an catagóir ►C12  riosca ◄ creidmheasa, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar thoradh mhéid barúlach an chonartha dhíorthaigh agus fhachtóir na marthanachta maoirseachta, a ríomhfar mar leanas:

▼C8

image

▼C7

nuair:

R

=

an ráta lascaine maoirseachta; R = 5 %;

S

=

an tréimhse idir dáta tosaigh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe, arna sloinneadh i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; agus

E

=

an tréimhse idir dáta deiridh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe, arna sloinneadh i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre..

▼M8

Is é dáta tosaigh idirbhirt an dáta is luaithe ar a ndéantar ar a laghad íocaíocht chonarthach faoin idirbheart, leis an institiúid nó as an institiúid, a shocrú nó a mhalartú, seachas na híocaíochtaí a bhaineann le malartú comhthaobhacha i gcomhaontú corrlaigh. I gcás ina raibh íocaíochtaí á socrú nó á ndéanamh faoin idirbheart ar an dáta tuairiscithe cheana féin, beidh dáta tosaigh an idirbhirt cothrom le 0.

I gcás ina bhfuil aon dáta conarthach nó níos mó dátaí conarthacha sa todhchaí i gceist leis an idirbheart, ar a bhféadfaidh an institiúid nó an contrapháirtí a chinneadh an t-idirbheart a fhoirceannadh roimh dháta a aibíochta conarthaí, beidh dáta tosaigh an idirbhirt cothrom leis an gceann is luaithe díobh seo a leanas:

(i) 

an dáta nó an ceann is luaithe de dhátaí éagsúla sa todhchaí ar a bhféadfaidh an institiúid nó an contrapháirtí a chinneadh idirbheart a fhoirceannadh níos luaithe ná dáta a aibíochta conarthaí;

(ii) 

an dáta ar a dtosaítear ar íocaíochtaí a shocrú nó a dhéanamh le hidirbheart, seachas íocaíochtaí a bhaineann le malartú comhthaobhachta i gcomhaontú corrlaigh.

I gcás ina bhfuil ionstraim airgeadais ag idirbheart mar an bhunionstraim a d'fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha sin an idirbhirt, cinnfear dáta tosaigh idirbhirt ar bhonn an dáta is luaithe ar a dtosaítear ar íocaíochtaí a shocrú nó a dhéanamh leis an mbunionstraim.

Is é dáta deiridh idirbhirt an dáta is déanaí ar a ndéantar íocaíocht chonarthach faoin idirbheart sin, leis an institiúid nó as an institiúid, nó an dáta is déanaí ar a bhféadtar an íocaíocht sin a dhéanamh.

I gcás ina bhfuil ionstraim airgeadais ag idirbheart mar bhunionstraim a d'fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha sin an idirbhirt, cinnfear dáta deiridh an idirbhirt ar bhonn na híocaíochta conarthaí deireanaí a dhéanfar i leith bhunionstraim an idirbhirt.

I gcás idirbheart atá struchtúraithe chun ►C12  neamhchosaint ◄ gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus i gcás inar athshocraíodh na téarmaí sa chaoi gur nialas é margadhluach an idirbhirt ar na dátaí sonraithe sin, measfar gur íocaíocht chonarthach faoin idirbheart céanna é socrú na ►C12  neamhchosainta ◄ gan íoc ar na dátaí sonraithe sin;

(b) 

maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ malairte eachtraí, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar leanas:

(i) 

nuair is aon chuid d'íocaíocht amháin a bheidh i gceist leis an idirbheart, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe méid barúlach an chonartha dhíorthaigh;

(ii) 

nuair is dhá chuid d'íocaíocht a bheidh i gceist leis an idirbheart agus méid barúlach cuid d'íocaíocht amháin díobh sin ainmnithe in airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe méid barúlach na coda d'íocaíocht eile;

(iii) 

nuair is dhá chuid d'íocaíocht a bheidh i gceist leis an idirbheart agus méid barúlach an dá chuid d'íocaíocht ainmnithe in airgeadra eile seachas airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe an ceann is mó de mhéideanna barúlacha an dá chuid d'íocaíocht tar éis na méideanna sin a thiontú go hairgeadra tuairiscithe na hinstitiúide de réir an spotráta malairte atá i réim;

(c) 

maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ cothromais nó ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ tráchtearraí, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe trí phraghas margaidh aon aonad amháin de bhunionstraim an idirbhirt a iolrú faoi líon na n-aonad sa bhunionstraim atá faoi thagairt ag an idirbheart;

i gcás ina ndéantar idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ cothromais nó ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ tráchtearraí a shloinneadh, de réir conartha, mar mhéid barúlach, úsáidfidh institiúidí méid barúlach an idirbhirt seachas líon na n-aonad sa bhunionstraim, mar an méid barúlach coigeartaithe;

(d) 

i gcás idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ eile, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe ar bhonn an mhodha is iomchuí i measc na modhanna a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c), ag brath ar chineál agus ar shaintréithe bhunionstraim an idirbhirt.

Airteagal 279b 2.

Cinnfidh institiúidí méid barúlach nó líon aonad na bunionstraime chun críche méid barúlach coigeartaithe idirbhirt dá dtagraítear i mír 1 a ríomh mar leanas:

(a) 

i gcás nach socraítear méid barúlach nó líon aonad bhunionstraim an idirbhirt go dtí a aibíocht chonarthach:

(i) 

maidir le méideanna barúlacha cinnteachaíocha agus líon aonad cinnteachaíoch na bunionstraime, beidh an méid barúlach cothrom le meán ualaithe luachanna cinnteachaíocha mhéideanna barúlacha cinnteachaíocha agus líon aonad cinnteachaíoch na bunionstraime, de réir mar is infheidhme, go dtí aibíocht chonarthach an idirbhirt, nuair is ionann na hualuithe agus an cion den tréimhse ama a bhfuil feidhm ag gach luach méid bharúlaigh lena linn;

(ii) 

maidir le méideanna barúlacha stocastach agus líon aonad stocastach na bunionstraime, beidh an méid barúlach cothrom leis an méid a chinntear trí mhargadhluachanna reatha a shocrú laistigh den fhoirmle lena ríomhtar margadhluachanna na todhchaí;

(b) 

maidir le conarthaí le malartuithe iolracha an mhéid bharúlaigh, déanfar an méid barúlach a iolrú faoi líon na n-íocaíochtaí atá fágtha a bheidh fós le déanamh i gcomhréir leis na conarthaí;

(c) 

i gcás conarthaí ina ndéantar foráil maidir le hiolrú íocaíochtaí na sreabh airgid nó maidir le hiolrú bhunionstraim an chonartha dhíorthaigh, coigeartóidh institiúid an méid barúlach chun iarmhairtí an iolrúcháin ar struchtúr ►C12  riosca ◄ na gconarthaí sin a chur san áireamh.

Airteagal 279b 3.
Tiontóidh institiúidí méid barúlach coigeartaithe idirbhirt go dtí a n-airgeadra tuairiscithe de réir an spotráta malairte atá i réim i gcás ina ríomhtar an méid barúlach coigeartaithe faoin Airteagal seo ar bhonn méid barúlach conarthach nó praghas margaidh líon aonad na bunionstraime ainmnithe in airgeadra eile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas