+Airteagal 282 3.

Airteagal 282 3.

Déanfar an costas reatha athsholáthair dá dtagraítear i mír 2 a ríomh mar leanas:

(a) 

maidir le tacair ghlanluachála na n-idirbheart: a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta; a imréitíonn contrapháirtí lárnach ar bhonn lárnach, ar contrapháirtí é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin; nó a malartaítear comhthaobhacht ina leith ar bhonn déthaobhach leis an gcontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir leo sin ar fad úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:

RC=TH+MTA

nuair:

RC

=

an costas athsholáthair;

TH

=

an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus

MTA

=

íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh;

(b) 

maidir leis na tacair ghlanluachála eile nó na hidirbhearta aonair eile, úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:

RC=max{CMV,0}

nuair:

RC

=

an costas athsholáthair; agus

CMV

=

an margadhluach reatha.

D'fhonn an costas reatha athsholáthair a ríomh, tabharfaidh institiúidí na luachanna margaidh reatha cothrom le dáta ar bhonn míosúil ar a laghad.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas