+Airteagal 282 4.

Airteagal 282 4.

Déanfaidh institiúidí an ►C12  neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch dá dtagraítear i mír 2 a ríomh mar leanas:

(a) 

is éard is ►C12  neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch tacair glanluachála ann suim ►C12  neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch na n-idirbheart uile a áirítear sa tacar glanluachála, arna ríomh i gcomhréir le pointe (b);

(b) 

is éard is ►C12  neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch idirbhirt aonair ann a mhéid barúlach arna iolrú faoin méid seo a leanas:

(i) 

toradh 0,5 % agus aibíocht iarmhair an idirbhirt arna sloinneadh i mblianta le haghaidh conarthaí díorthach rátaí úis;

(ii) 

toradh 6 % agus aibíocht iarmhair an idirbhirt arna sloinneadh i mblianta le haghaidh conarthaí díorthach creidmheasa;

(iii) 

4 % le haghaidh díorthach malairte eachtraí;

(iv) 

18 % le haghaidh díorthach óir agus tráchtearraí seachas díorthaigh leictreachais;

(v) 

40 % le haghaidh díorthach leictreachais;

(vi) 

32 % le haghaidh díorthach cothromais;

(c) 

déanfar an méid barúlach dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a chinneadh i gcomhréir le pointe (2) agus (3) d'Airteagal 279(b) maidir le gach díorthach a liostaítear sa phointe sin; ina theannta sin, déanfar méid barúlach na ndíorthach dá dtagraítear i bpointí (b)(iii) go (b)(vi) den mhír seo a chinneadh i gcomhréir le pointí (b) agus (c) d'Airteagal 279b(1);

(d) 

déanfar ►C12  neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch na dtacar glanluachála dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a iolrú faoi 0,42.

Chun ►C12  neamhchosaint ◄ fhéideartha díorthach rátaí úis agus díorthach creidmheasa i gcomhréir le pointe b(i) agus (ii), féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh an aibíocht bunaidh a úsáid in áit aibíocht iarmhair na gconarthaí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas