+Airteagal 314 9.

Airteagal 314 9.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

comhpháirteanna an táscaire gnó, agus a n-úsáid, trí liostaí d’fho-ítimí tipiciúla a fhorbairt, agus caighdeáin rialála idirnáisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, an teorainn stuamachta a shainítear i gCuid a Trí, Teideal I, Caibidil 3, á gcur san áireamh;

(b) 

na heilimintí a liostaítear i mír 7 den Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas